1. Lucht Féachana na nEalaíon - tionscadal comhphairtíochta idir an Chomhairle Ealaíon agus Iontaobhas Cultúrtha Bharra an Teampaill
Tá tús á chur le hobair ar 'Lucht
Féachana na nEalaíon' (Arts Audiences),
tionscadal arna cheapadh agus arna bhainistiú ag an
gComhairle Ealaíon agus ag Iontaobhas Cultúrtha
Bharra an Teampaill.
Léigh tuilleadh
2. Grúpa idirchaidrimh bunaithe idir an Chomhairle Ealaíon agus Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach
Tá grúpa idirchaidrimh nua curtha ar bun
idir an Chomhairle Ealaíon agus Cumann na
mBainisteoirí Contae agus Cathrach, chun comhoibriú
agus comhpháirtíocht níos mó a
bhunú maidir leis an méid ar fad a baineadh amach
ó thaobh forbairt áitiúil sna healaíona
de le fiche bliain anuas a dhaingniú.
Léigh tuilleadh
3. Fógra faoi shuíomh gréasáin ealaíne poiblí
Tá an Chomhairle Ealaíon, le tacaíocht
ón Roinn Ealaíon, Spóirt agus
Turasóireachta, ag déanamh athfhorbairt ar an
suíomh gréasáin publicart.ie faoi
láthair.
Léigh tuilleadh
4. Fógra: Scéim Deis 2009
Meabhraítear do phobal na n-ealaíon
traidisiúnta go raibh roinnt athruithe ar an scéim
Deis, go háirithe maidir le cistiú a dhéanamh
ar thionscadail taifeadta agus um léiriú CDanna.
Léigh tuilleadh
5. An scéal is déanaí maidir leis na dámhachtainí Reel Art
Scéim de chuid na Comhairle Ealaíon is ea Reel Art
atá deartha chun deis a chur ar fáil do
ealaíontóirí scannáin chun cláir
faisnéise chruthaíochta agus shamhlaíocha a
dhéanamh ar théama ealaíne.
Léigh tuilleadh
6. Fógraíonn Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Scannánóir Cónaitheach
Tá sé fógraithe ag Comhairle Cathrach
Bhaile Átha Cliath, i gcomhar leis an gComhairle
Ealaíon, gur roghnaíodh an scannánóir
Joe Lee mar scannánóir cónaithe Chomhairle
Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Léigh tuilleadh
7. Nuacht ó phobal na n-ealaíon
I measc na ndeiseanna i bpobal na n-ealaíon i mí
Feabhra tá cuireadh i gcomhair aighneachtaí
d'Fhéile Imill Bhaile Átha Cliath (Dublin Fringe
Festival); deis ar chúnamh do thaifeadadh ceoil ó
Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i
gcomhpháirtíocht le hionad ealaíon &
acmhainní pobail axis, Baile Munna, agus sonraí faoi
Shiompóisiam Náisiúnta Ceoil a
dhéanfaidh torthaí ón tuarascáil
taighde Local Authorities & Music: Knowing the Score a
thiomsú agus a chur i láthair.
Léigh tuilleadh
8. Nuacht Idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha
Aacute;irítear leis an nuacht ón bPointe
Teagmhála Cultúrtha i mí Feabhra: tuilleadh
comhoibrithe cultúrtha idir an AE agus Meicsiceo; eolas
maidir le comhoibriú an AE leis an Rúis;
spriocdháta don Chlár 'An Óige i mBun
Gnímh' de chuid an AE; gairm tograí i gcomhair
'Preparatory Actions MEDIA International'; fógra maidir le
hiomaitheoirí sa chomórtas ceannais don Ghradam Mies
van der Rohe; lá faisnéise maidir leis na
Príomhchathracha Cultúrtha Eorpacha;
tuarascáil comhdhála maidir le hidirphlé
idirchultúrtha agus cultúr digiteach;
páipéar cruthaitheachta agus
nuálaíochta; cruinniú iomlánach
Earraigh IETM agus sonraí maidir le Comhdháil
Idirnáisiúnta na nIontaobhas
Náisiúnta.
Léigh tuilleadh
|
|