1. Casann baill na Comhairle Ealaíon agus an choiste gnó leis an gComhchoiste um na hEalaíona, Spórt, Thurasóireacht agus Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
Chas Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Mary
Cloake, an Cathaoirleach, Pat Moylan, agus beirt bhaill na
Comhairle Ealaíon, Alan Stanford agus Philip King, leis an
gComhchoiste um na hEalaíona, Spórt,
Thurasóireacht agus Ghnóthaí Pobail, Tuaithe
agus Gaeltachta ar 11 Márta.
Léigh tuilleadh
2. Acmhainní breise um chleachtas eiticiúil le haghaidh ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon a bhíonn ag obair le leanaí agus le daoine óga
Cúis áthais dúinn a bheith in ann
dhá acmhainn eiticiúla nua a chur ar fáil le
haghaidh ealaíontóirí agus
eagraíochtaí ealaíne atá ag obair le
páistí agus le daoine óga. Tá na
hacmhainní bunaithe ar Treoirlínte um Chosaint
agus Leas Páistí agus Daoine Óga in
earnáil na n-ealaíon.
Léigh tuilleadh
3. An scéal is déanaí maidir le Turgnamh na Camchuairte
Tá an nuacht is déanaí againn daoibh faoi
Thurgnamh na Camchuairte. Tionscadal taighde
gníomhaíochta atá ann a dearadh d'fhonn eolas
a aimsiú chun beartas nua camchuairte a chruthú i
bPoblacht na hÉireann.
Léigh tuilleadh
4. Meabhrúchán: Suíomh gréasáin nua ealaíne poiblí
Cuirimid pleananna i gcuimhne duit maidir le forbairt
a dhéanamh ar an suíomh gréasáin
ealaíne pobail, agus tugaimis faisnéis faoi conas an
nuachtlitir nua de chuid publicart.ie a
fháil.
Léigh tuilleadh
5. Nuacht ó phobal na n-ealaíon
I measc na ndeiseanna atá i bpobal na n-ealaíon i
mí an Mhárta tá cuireadh le cur isteach ar
phost leis an Dance Theatre of Ireland; comórtas deartha le
haghaidh tionscadal mór ealaíne poiblí i
mBéal Feirste; sonraí faoi conas cur isteach ar ionad
cothaithe/oibre saor in aisce ag THE LAB; cuireadh ó
Chomhairle Contae Mhaigh Eo chun togra a fhorbairt le haghaidh
coimisiúin ealaíne poiblí nua; agus
faisnéis faoi ghlao oscailte roghnaithe le haghaidh
Féile Ealaíon Éigse Cheatharlach.
Léigh tuilleadh
6. Nuacht Idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha
Ar an nuacht ón bPointe Teagmhála Cultúrtha
tá: sonraí faoi chur isteach ar chomórtas
ealaíne do dhaoine óga ó cheann ceann na
hEorpa; gairm tograí ar thionscnamh soghluaisteachta
píolótach; faisnéis faoi ghlao nua a
foilsíodh faoi rochtain ar chultúr
áitiúil agus faoi chosaint agus chur chun cinn
éagsúlachta cultúrtha, agus mar fhocal scoir,
sonraí nua teagmhála don Phointe Teagmhála
Cultúrtha.
Léigh tuilleadh
|
|