1. Comhairliúchán maidir le hiniúchadh ar bhealaí nua chun léiriú agus cur i láthair téatair a mhaoiniú
Cuireann an Chomhairle Ealaíon plédhoiciméad ar fáil a chuimsíonn, ó thaobh na Comhairle Ealaíon de, roinnt de na dúshláin atá os comhair earnáil an téatair agus na Comhairle féin maidir leis an mbealach is fearr le léiriú téatair a mhaoiniú sa todhchaí.
Léigh tuilleadh
2. An scéal is déanaí maidir le Lucht Féachana na nEalaíon
Nuashonrú ar Lucht Féachana na nEalaíon - tionscadal comhpháirtíochta idir an Chomhairle Ealaíon agus Iontaobhas Cultúrtha Bharra an Teampaill.
Léigh tuilleadh
3. Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon faighteoir Chomhaltacht Location One 2009
Is cúis áthais don Chomhairle Ealaíon an t-ealaíontóir Jesse Jones a fhógairt mar fhaighteoir na Comhaltachta Location One do 2009.
Léigh tuilleadh
4. Comhaltacht scríbhneora: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Cuirtear fáilte roimh iarratais ó scríbhneoirí Éireannacha de cháil bhunaithe ar Chomhaltacht Scríbhneoirí, arna maoiniú ag Scoil an Bhéarla i gColáiste na Tríonóide agus trí dheontas i gcabhair ón gComhairle Ealaíon.
Léigh tuilleadh
5. Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon maoiniú le haghaidh tionscadail ealaíne i ngach foirm ealaíne
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon maoiniú a fhógairt i gcomhair na Dámhachtana Tionscadail Saothair Nua agus na Dámhachtana Tionscadail Aonuaire le haghaidh 2009.
Léigh tuilleadh
6. Cinntí: Scéim na bhFéilte Ealaíon Beaga 2009, babhta 2
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon a cinntí a fhógairt maidir le babhta a dó de scéim na bhféilte ealaíon beaga i gcomhair na bliana 2009.
Léigh tuilleadh
7. Cinntí: Dámhachtainí Coimisiún, 2009
Is í aidhm na dámhachtana ná cruthú saothair nua a chothú, moltaí dinimiciúla ar son athnuachana an repertoire a spreagadh agus gréasáin agus caidrimh ealaíne a fhorbairt idir ealaíontóirí agus coimisinéirí.
Léigh tuilleadh
8. Cinntí: Dámhachtain Taistil agus Oiliúna
Is í an aidhm atá ag an dámhachtain seo ná forbairt ghairmiúil, múnlú agus deiseanna líonraithe na n-ealaíontóirí agus na ndaoine atá ag obair go gairmiúil sna healaíona a fheabhsú.
Léigh tuilleadh
9. Cinntí faoin Scéim Deis: Bealtaine 2009
Is scéim í Deis atá bunaithe ar thograí agus a dhírítear ar phobal na n-ealaíon traidisiúnta a spreagadh chun maoiniú a lorg ón gComhairle Ealaíon i leith raon tionscadal.
Léigh tuilleadh
10. Nuacht ó phobal na n-ealaíon
Áirítear leis na deiseanna i bpobal na n-ealaíon do mhí na Bealtaine: deis fostaíochta i dTéatar Óige Chontae Shligigh (County Sligo Youth Theatre); seansanna obair dheonach a dhéanamh ag Féile Ealaíon Chill Chainnigh; glao ar aighneachtaí le haghaidh Féile Scannán Corona Chorcaí; glao ar iontrálacha do na dámhachtainí 'David Manley Emerging Entrepreneur Awards' agus cuireadh le bheith rannpháirteach sna blaganna a bhaineann leis an Puppet Portal Project, fiontar nua sna healaíona sa réimse sláinte agus teicneolaíochta.
Léigh tuilleadh
11. Nuacht Idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha
Áirítear leis an nuacht ón bPointe Teagmhála Cultúrtha i mí an Mheithimh: gairm tograí maidir le hobair chruthaitheach in oideachas neamhfhoirmiúil agus in obair óige; sonraí faoi bhreis aitheantais ag leibhéal an AE do ról an chultúir chun cruthaitheacht agus nuálaíocht a spreagadh san Eoraip; glaoch ar chur i láthair le haghaidh comhdhála faoi oiliúint na taibhealaíne; nuacht faoi chollóiciam idirnáisiúnta sa tSlóivéin ar 'spreagadh do chruthaitheacht agus nuálaíocht'; agus ar deireadh faisnéis maidir le suíomh gréasáin EACEA.
Léigh tuilleadh
|
|