San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán na Meitheamh dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Beo agus Digiteach: Déanamh Féile i bhfianaise COVID-19.
Making Tracks – Cónaitheacht Fhíorúil agus Turas Digiteach do Cheoltóirí
An t-údar Gaeilge Áine Ní Ghlinn fógartha mar an séú Laureate na nÓg
Deontais agus Dámhachtainí
Fondúireacht Chultúrtha na hEorpa – an dara babhta den Chiste um Chultúr Dlúthpháirtíochta na hEorpa fógartha!
Scéim Infheistíochta na bhFéilte, 2021 – Babhta 1
Nuacht ón bPobal
Ailtirí i Scoileanna 2020/2021 – Gairm Oscailte do Scoileanna
RIARTHÓIR MUSIC GENERATION CILL CHAINNIGH
Tá na dátaí i gcomhair Fhéile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath 2021 de chuid Virgin Media fógartha: 3 Márta – 14 Márta 2021
GLAOCH DO CHOIMEÁDAÍ SNA FÍSEALAÍONA
Scoileanna Ildánacha
Scoileanna Ildánacha 2020 – Síneadh leis an Spriocdháta Iarratais
Teilifís Scoileanna Ildánacha
Scéim Infheistíochta na bhFéilte, 2021 – Babhta 1

Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an chéad cheann de dhá bhabhta de Scéim Infheistíochta na bhFéilte (FIS) d’fhéilte a bheidh ar siúl idir Eanáir agus Meitheamh 2021.

Is é ról na Comhairle Ealaíon tacú le féilte ilghnéitheacha agus éagsúla agus chun slabhra tacaíochtaí maoinithe a chur ar fáil a spreagann: samhailtí a bhfuil suntasacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leo agus an cleachtas is fearr, samhailtí a mhéadaíonn deiseanna do rannpháirtíocht an phobail nó a fhorbraíonn saothar ealaíontóra/foirm ealaíne, cláir féile atá ag obair leis an bpobal áitiúil, agus ábhartha dó.

Is é cuspóir Scéim Infheistíochta na bhFéilte tacaíocht a chur ar fáil d’fhéilte beaga chun a ngníomhaíocht féile a sheachadadh. Tá an Scéim ar oscailt d’fhéilte ildisciplíneacha agus d’fhéilte foirm ealaíne aonair.  

(Tabhair faoi deara gur tosaíocht íseal iad imeachtaí nasctha, amhail ceolchoirmeacha rathúla nó imeachtaí litríochta míosúla)

Tá trí bhanda maoinithe ar fáil:

  • Banda A: Suas le €7,000  
  • Banda B: Idir €7,001 agus €20,000
  • Banda C Idir €20,001 agus €35,000

Is féidir le heagraíochtaí a chuireann féilte a bhfuil aidhm ealaíonta ar leith acu chun cinn agus a bheidh ar siúl idir Eanáir agus Meitheamh 2021 cur isteach ar Bhabhta 1 de Scéim Infheistíochta na bhFéilte.

Iarratais ar oscailt:         23 Meitheamh 2020

Spriocdháta d’iarratais:               23 Iúil 2020 ag 5.30pm

Eiseofar torthaí na gcinntí:          Meán Fómhair/Deireadh Fómhair 2020

 

Is scéim iomaíoch neamh-athfhillteach í Scéim Infheistíochta na bhFéilte.

Ní mór gach iarratas a dhéanamh trí shuíomh Sheirbhísí ar Líne na Comhairle Ealaíon anseo.

 

Téigh i dteagmháil le Foireann na bhFéilte na Comhairle Ealaíon chun tuilleadh faisnéise a fháil:

Regina O’Shea: regina.oshea@artscouncil.ie, 01 6180260

Adrian Colwell: adrian.colwell@artscouncil.ie, 01 6180284