San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Mhárta dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Luach Saothair don Ealaíontóir
Tacaíochtaí Léiriúcháin Chruthaithigh – Scéim Phíolótach chun Acmhainní Amharclannaíochta a Chomhroinnt
Clár RAISE - FORBAIRT ACMHAINNE INFHEISTÍOCHTA PRÍOBHÁIDÍ - Fógraítear Céim 2.
Clinicí faisnéise ar dhámhachtainí scannáin na Comhairle Ealaíon don bhliain 2020
Deontais agus Dámhachtainí
An Dámhachtain Coimisiún, an chéad spriocdháta eile – 5:30 p.m, Déardaoin, 30 Aibreán 2020
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an spriocdháta don Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa, 2020
An Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Amharclannaíochta
Spriocdháta: An Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
Spriocdháta: Maoiniú Deontais do na hEalaíona, 2021
An chéad spriocdháta eile do Reel Art – 17:30 Déardaoin,14 Bealtaine 2020
Nuacht ón bPobal
Tá WESTIVAL ag lorg STIÚRTHÓIR FÉILE. Buaiteoir Dhámhachtana Féilte na hÉireann 2019 don ‘Fhéile Bheag is Fearr’.
PAINÉAL TEAGASCÓIRÍ CEOIL
Riarthóir Music Generation
Scoileanna Ildánacha
Deis do Chomhlaigh Chruthaitheacha
Scoileanna Ildánacha – ag cur fáilte roimh iarratais ó scoileanna as gach cearn den tír
An chéad spriocdháta eile do Reel Art – 17:30 Déardaoin,14 Bealtaine 2020

Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Scannáin Reel Art de chuid na Comhairle Ealaíon Déardaoin, 14 Bealtaine 2020 ag 17:30.  Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, 14 Aibreán 2020 ar aghaidh.

 

Is é an cuspóir atá le Reel Art deis a chur ar fáil d’ealaíontóirí scannán chun cláir faisnéise atá an-chruthaitheach, an-samhlaíoch agus an-turgnamhach a dhéanamh ar théama ealaíne lena taispeáint sa phictiúrlann. Tacófar le dhá scannán in 2020. Cuirfear ciste iomlán €102,500 ar fáil don dá iarrthóir a n-éiríonn leo (ar a n-áireofar buiséad léirithe €90,000 agus tacaíocht taispeántais bhreise €12,500). Ní chuirfear san áireamh ach scannáin is féidir a dhéanamh laistigh den bhuiséad seo. Caithfear na scannáin a chríochnú le taispeáint den chéad uair ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath, ár gcomhpháirtí tionscadail, i mí Feabhra 2022.

Caithfear iarratais ar Reel Art 2020 a dhéanamh go díreach chuig an gComhairle Ealaíon roimh 17:30 Déardaoin, 14 Bealtaine 2020. Tá na treoirlínte agus sonraí faoin bpróiseas iarratais ar fáil sa rannán faoi mhaoiniú atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tabhair faoi deara:  Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon.  Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh.