<< Clúdach
English Version

Ailt
Clár Comhpháirtíocht Music Generation/na Comhairle Ealaíon

Seolann An Chomhairle Ealaíon mórthaighde maidir le Cruitireacht NA hÉireann

An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta - 5.30 i.n. Déardaoin an 17 Iúil 2014

Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an spriocdháta i gcomhair Reel Art 2014

Is mian leis an gComhairle Ealaíon agus Coláiste na hOllscoile Corcaigh Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe a cheapadh

Arts Audiences

Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir

Cartlann
Cliceáil anseo chun breathnú ar ár gcartlann

Eagarthóir  
Spriocdháta le haghaidh nuachta agus tuairimí Déardaoin 17 Iúil.

Seol scéal nuachta chugainn

Liostáil
Liostáil


nuachtlitir
Imleabhar 11 Eagrán 103 Júli 2014

Is mian leis an gComhairle Ealaíon agus Coláiste na hOllscoile Corcaigh Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe a cheapadh

Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe

Dáta Deireanach le haghaidh Iarratas: 14 Lúnasa 2014 Scoil: An Scoil Ceoil agus Amharclannaíochta Conradh: Téarma Seasta Páirtaimseartha.

 

01 Deireadh Fómhair 2014 - 30 Meán Fómhair 2015

 

Táthar ag lorg iarratas ó shárealaíontóirí clúiteacha (ceoltóirí, amhránaithe, rinceoirí) a bhfuil an-teist orthu don fholúntas thuasluaite arna chomh-mhaoiniú ag Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta (COC) agus ag an gComhairle Ealaíon. Ó Dheireadh Fómhair 2014 go dtí Meán Fómhair 2015 an tréimhse atá i gceist.

 

Beidh an té a cheapfar mar chomhairleoir agus mar mheantóir d’ealaíontóirí traidisiúnta nua i bpobal COC agus cuirfidh sé/sí sé huaire a' chloig teagmhála ar fáil gach seachtain le ceardlanna, seimeanáir agus seisiúin chomhairleoireachta i rith théarmaí na hollscoile. Seinnfidh an té a cheapfar ag dhá cheolchoirm phoiblí agus beidh baint aige/aici le comhthionscadal idir an fhoireann agus na mic léinn a chuirfidh ábhar ealaíonta bunaidh os comhair an tsaoil mhóir. I rith laethanta saoire na hollscoile beidh an té a cheapfar in ann a c(h)uid tionscadal féin a chur i gcrích gan aon chur isteach.

Conas iarratas a dhéanamh:

Ba cheart iarratais a sheoladh mar cheangaltán le ríomhphost roimh an 14 Lúnasa. Iarrtar ar iarrthóirí litir iarratais maille le C.V. a chur isteach in a bhfuil sonraí a bhaineann le hábhar, mar shampla ceolchoirmeacha, foilseacháin (CDanna, DVDanna, srl. san áireamh) agus gradaim go dtí an Dr Mel Mercier, An Scoil Ceoil agus Amharclannaíochta, COC nó mmercier@ucc.ie Beidh na hagallaimh ar siúl i gCorcaigh go luath i Meán Fómhair.

 

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Dr Mel Mercier má tá tuilleadh eolais uait ar shonraí, ar chúrsaí airgeadais nó má theastaíonn uait fiosrúcháin neamhfhoirmiúla a dhéanamh.

<< Clúdach
Newsletter Marketing Powered by Newsweaver