Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon agus ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh a fhógairt go bhfuiltear tar éis Tadhg O’Sullivan a cheapadh mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe i gcomhair 2021.
Tá an ról mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe cómhaoinithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Is é is aidhm leis deis ar leith a thabhairt d’ealaíontóir scannáin a bhfuil gradam bainte amach aige/aici a c(h)leachtas a fhorbairt i dtimpeallacht ollscoile agus deis a thabhairt do mhic léinn agus don fhoireann ag an am céanna oibriú ar bhealach bríoch le healaíontóir atá ag cleachtadh le linn dó a bheith i mbun staidéir agus ina rannpháirtíocht chultúrtha níos leithne i saol an champais.
Is é Tadhg O’Sullivan an seachtú healaíontóir scannáin a ceapadh sa ról agus leanann sé Carmel Winters, Gerry Stembridge, Hugh Travers, Mark O’Halloran Pat Murphy agus Alan Gilsen, daoine a bhí ina n-ealaíontóirí scannán cónaithe ag UCC ó 2014 agus a raibh rath mór orthu go léir.
Ag labhairt di faoin gceapachán, dúirt Fionnuala Sweeney, Ceann Scannán agus Ailtireachta ag an gComhairle Ealaíon: ‘Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon go mbeidh Tadhg O’Sullivan ar an gcéad Ealaíontóir Scannán Cónaithe eile ag UCC. Tháinig an chónaitheacht seo ag uair thábhachtach i ngairm Thaidhg tar éis dá scannán lánfhada aonair To the Moon ardmholadh a bhaint amach go hidirnáisiúnta. Tá súil againn go dtabharfaidh an chónaitheacht seo an t-am agus an spás dó a chleachtas scannáin a fhorbairt laistigh den timpeallacht spreagthach thacúil atá le brath in UCC.’
Seo mar a labhair Jools Gilson, Ollamh le Cleachtas Cruthaitheach agus Ceann Scoil na Scannánaíochta, an Cheoil agus na hAmharclainne: ‘Tá lúcháir orainn agus is mór an onóir dúinn Tadhg O’Sullivan a cheapadh mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe ag UCC i gcomhair 2021 - ealaíontóir is ea é a thógann eilimintí faisnéise, liteartha agus comhaimseartha agus a dhéanann iad a nascadh le chéile ar bhealach sainiúil agus tarraingteach.’
Tadhg O’Sullivan: Beathaisnéis an Scannánóra
Ealaíontóir agus scannánóir is ea Tadhg O’Sullivan a oibríonn go príomha i réimse na scannánaíochta neamhfhicsin. Agus úsáid mhinic á baint aige ina chuid shaothair as foinsí liteartha agus as cartlann scannánaíochta, déanann O’Sullivan iarracht síoraíocht an eispéiris dhaonna a mhúscailt ina chuid scannán agus solas a scaipeadh ar an lá atá inniu ann trí bheith ag tarraingt ó smaointe an lae inné. Bhí an chéad taibhiú dá scannán deireanach, To the Moon, ag Venice Days le déanaí agus roghnaíodh é don Telluride Film Festival 2020. Léiríodh na scannáin eile atá aige Yximalloo (le Fergal Ward, 2014) agus The Great Wall (2015) ag go leor féilte scannán mór le rá, lena n-áirítear FiD Marseille, MOMA Doc Fortnigh, CPH:DOX agus Dokufest Kosovo. Rinneadh iad a chraobhscaoileadh go hidirnáisiúnta chomh maith.
Tá scannán lánfhada eile dá chuid i mbun réamh-léiriúcháin faoi láthair agus tabharfar an obair sin chun críche in 2022.