<< Clúdach
English Version

Ailt
Niall Vallely ceaptha mar Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe 2014-15 ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Saothar nua le léiriú faoin scéim SPLANC!

An Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair

Ciste Gníomhaíochta Cláir do Dhaoine Óga, Leanaí agus Oideachas

An Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach

Nuacht ó Lucht Féachana na nEalaíon

Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir

Cartlann
Cliceáil anseo chun breathnú ar ár gcartlann

Eagarthóir  
Spriocdháta le haghaidh nuachta agus tuairimí 17 Deireadh Fómhair..

Seol scéal nuachta chugainn

Liostáil
Liostáil


Naisc chuig Suíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon
nuachtlitir
Imleabhar 12 Eagrán 13 Deireadh Fómhair 2014

Niall Vallely ceaptha mar Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe 2014-15 ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon, i gcomhar le Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta (UCC), agus leis an Scoil Ceoil agus Amharclannaíochta (UCC), ceapachán Niall Vallely, taibheoir agus cumadóir a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, mar Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh 2014-15. Cuirfidh Vallely sraith ceolchoirmeacha, ceardlann agus seimineár i láthair i rith a chónaitheachta bliana, ag tosú ar an 1 Deireadh Fómhair.

Rugadh Niall Vallely in Ard Mhacha i 1970 agus thosaigh sé ag seinm an chonsairtín nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois. Ba iad a thuismitheoirí Brian agus Eithne Vallely, bunaitheoirí Chumann Píobairí Ard Mhacha, a mhúin é. Chríochnaigh Vallely céim sa cheol ag UCC i 1992 agus tá sé i mbun teagaisc i Roinn an Cheoil le blianta fada ó shin. Thar na blianta, tá cur chuige uathúil forbartha aige i leith chasadh na huirlise agus bhunaigh sé é féin mar dhuine de na ceoltóirí traidisiúnta Éireannacha is tábhachtaí ag leibhéal idirnáisiúnta.

Mar aon leis an méid a thugann sé mar thaibheoir virtuoso, bhí cruthaitheacht Vallely mar bhunús le roinnt bannaí tábhachtacha sa cheol traidisiúnta, lena n-áirítear Nomos agus Buille. Mar aon leis sin, mar chumadóir tá go leor píosaí ceoil thraidisiúnta an-aitheanta scríofa aige a sheinntear go fairsing agus atá taifeadta ag go leor ealaíontóirí. Le blianta beaga anuas, mhéadaigh sé scóip na bpíosaí a chum sé chun foirmeacha agus ionstraimíocht mhórscála a úsáid, agus fuair sé coimisiúin rialta ó RTÉ lyric fm, BBC Thuaisceart Éireann, William Kennedy Piping Festival agus UCC, i measc grúpaí eile.

Fáiltíonn Paul Flynn, Ceann na nEalaíon Traidisiúnta ag an gComhairle Ealaíon, roimh an gceapachán: ‘Aithnítear Niall mar dhuine de na ceoltóirí agus cumadóirí is nuálaí dá ghlúin agus tá ardmheas air in earnáil na n-ealaíon traidisiúnta. Tá an Chomhairle Ealaíon ag tnúth go mór leis an méid a thabharfaidh Niall don chónaitheacht agus a fhorbróidh sé mar ealaíontóir ón taithí seo.’

Óstálfaidh an Scoil Ceoil agus Amharclannaíochta ag UCC Vallely, áit atá ceannródaíoch ó thaobh cheol traidisiúnta na hÉireann le blianta fada. Cuirfidh foireann ceoltóirí traidisiúnta a bhfuil aithne idirnáisiúnta orthu lena n-áirítear Bobby Gardiner, Matt Cranitch, Connie O’Connell, Colm Murphy, Mary Mitchell-Ingoldsby agus Mel Mercier fáilte mhór roimhe.

 

<< Clúdach
Email Newsletter Software by Newsweaver