San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go nuachtlitir mhí Mheán Fómhair
Nuacht na míosa seo
Coimirciú Leanaí – Clinicí faisnéise d’earnáil na n-ealaíon
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon dámhachtainí comhoibríocha na n-ealaíon áitiúil dar luach €350,000
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon faighteoir Chomhaltacht Jerome Hynes 2018/2019
Comhpháirtíochtaí Óige Cruthaitheacha Áitiúla
Post i gcomhair Comhaltacht Scríbhneora i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Deontais agus Dámhachtainí
Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2019 – Babhta 2
Nuacht ón bPobal
ORIGINS 2018
SEA CHANGE: IADT – 21 Bliain den ealaín, scannáin agus beochana
Sparánacht Creative Exchanges Age & Opportunity i gcomhar le Music Network
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Seisiún agus ceardlann ar Fhaisnéis Chultúrtha de chuid na hEorpa Cruthaithí – Amharclann Garter Lane, Port Láirge ar an Luan, 8 Deireadh Fómhair 2018
Seoladh Dámhachtain Oidhreachta nua i rith Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha, 2018
An bhfuil comhpháirtithe Eorpacha eile á lorg agat le haghaidh tionscadail comhoibrithe na hEorpa Cruthaithí?
Seolann tionscadal Voyage Inside a Blind Experience arna mhaoiniú ag An Eoraip Chruthaitheach taispeántas sa Glucksman i gCorcaigh
Seisiún agus ceardlann saor in aisce ar Fhaisnéis Chultúrtha don Eoraip Chruthaitheach
Seolann tionscadal Voyage Inside a Blind Experience arna mhaoiniú ag An Eoraip Chruthaitheach taispeántas sa Glucksman i gCorcaigh

An féidir taitneamh a bhaint as saothair ealaíne teibí gan do chuid súile a úsáid? Cén chaoi ar féidir le duine lagamhairc nó dall taitneamh a bhaint as taispeántas amharcealaíne? Josef agus Anni Albers: Déantar breith ar na ceisteanna seo in Voyage inside a blind experience trí shaothair lárnacha ó na healaíontóirí a chur i láthair mar aon le múnlaí tadhlacha, téacsanna braille, agus teagmhálacha ealaíne spraíúla tadhlacha.

Áirítear leis na saothair atá ar taispeáint saothar teicstíle Anni Albers a chuaigh i gcion go mór ar dhaoine, péinteálacha cáiliúla Homage to the Square de chuid Josef Albers, agus rogha dá dhearadh clúdach albaim leis an snagcheol bunaidh. Áirítear sa seó freisin seomra dorcha ina dtugtar cuireadh do chuairteoirí chun míreanna a iniúchadh trí thadhall, mar aon le rannóg ina ndéantar machnamh ar thábhacht teagasc Albers inar cuireadh béim ar chéadfa an tadhaill mar aon le hamharc ar ealaín.

Arna fhorbairt i gcomhpháirt leis an Josef and Anni Albers Foundation agus Atlante Servizi Culturali, mar aon le saineolas l’Istituto dei Ciechi di Milano, institiúid cheannródaíoch do dhaoine lagamhairc in Milan, san Iodáil, tacaíonn an Chomhairle Ealaíon agus an clár, an Eoraip Chruthaitheach de chuid an Aontais Eorpaigh leis an taispeántas. Tar éis a chur i láthair ag an Glucksman, beidh an taispeántas ar camchuairt chuig an Museum of Contemporary Art, Ságrab, an Chróit.

Beidh an taispeántas ar siúl go dtí an 4 Samhain 2018 agus is féidir leat tuilleadh a léamh faoi anseo.