Spreagtar daoine iarratas a dhéanamh chun ballraíocht a ghlacadh sa Chomhairle Ealaíon
Tá léirithe suime iarrtha ó dhaoine chun ballraíocht a ghlacadh ar bhord na Comhairle Ealaíon, agus deir an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Réigiúnach, Tuaithe agus Gnóthaí Gaeltachta, Heather Humphreys, go gcuirfeadh sí fáilte roimh iarratais atá ionadaíoch d’éagsúlacht phobal na hÉireann, go háirithe cinn ina léirítear leasanna inscne, tíreolaíochta agus cultúir.
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig www.stateboards.ie
|