|
RAISE Céim 3 - Glao ar Léirithe Spéise
Tar éis dúinn an chéad dá chéim den chlár RAISE a sheachadadh lenár gcomhpháirtithe seachadta clár O'Kennedy Consulting, tá an-áthas orainn seoladh Chéim 3 RAISE a dhearbhú agus cuireadh a thabhairt d’eagraíochtaí léiriú spéise a chur isteach chun páirt a ghlacadh sa Chlár RAISE seo.
Léigh a thuilleadh >>
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon faighteoirí rathúla dhámhachtainí Authored Works agus Reel Art
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon na daoine ar éirigh leo Dámhachtainí Authored Works agus Reel Art a bhaint amach in 2020 a fhógairt. Roghnaíodh Tadhg O’Sullivan (Inland Films) do dhámhachtain Authored Works, agus is iad Alan Gilsenan (Yellow Asylum Films) agus Luke McManus na daoine is déanaí a fuair dámhachtainí Reel Art.
Léigh a thuilleadh >>
Clinicí Maoinithe Amharclannaíochta
Beidh sraith clinicí maoinithe ag an bhFoireann Amharclannaíochta d’ealaíontóirí amharclannaíochta chun léargas a thabhairt ar dheiseanna maoinithe atá ag teacht aníos agus chun plé a dhéanamh ar conas a oibríonn próiseas maoinithe na Comhairle Ealaíon, le seisiún ceisteanna agus freagraí ina dhiaidh. Beidh Rachel West, Ceannaire Amharclannaíochta, ag reáchtáil na gclinicí seo, le cabhair ó Hannah Gordis, Cúntóir Amharclannaíochta, agus Elaine Connolly, Oifigeach Amharclannaíochta. Is iad dátaí agus amanna na gclinicí atá ar fáil:
25 Feabhra ag 11:00am
25 Márta ag 11:00am
Léigh a thuilleadh >>
Ceapacháin: Scríbhneoir Cónaithe/Comhaltacht le haghaidh 2021
Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon Ceapacháin mar Scríbhneoir Cónaithe agus Comhaltacht a fhógairt le haghaidh 2021.
Léigh a thuilleadh >>
|
|
|
An chéad spriocdháta eile do Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis – 5:30 p.m., Déardaoin, 1 Aibreán 2021
Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis na Comhairle Ealaíon ná Déardaoin, 1 Aibreán 2021 ag 5.30pm. Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, 5 Márta 2019 ar aghaidh.
Léigh a thuilleadh >>
Dámhachtain Lúfaireachta 2021, Babhta 1
Beidh deis iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, 9 Márta 2021 ar aghaidh.
Tá an Dámhachtain Lúfaireachta oscailte d’ealaíontóirí aonair agus do ghairmithe ealaíon, agus tá sí ar fáil i ngach foirm ealaíne agus réimse cleachtas ealaíon a dtacaíonn an Chomhairle Ealaíon leo.
Léigh a thuilleadh >>
Spriocdháta: Maoiniú Deontais do na hEalaíona 2022
Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas: 5.30pm, Déardaoin an 27 Bealtaine 2021
Beifear ag glacadh le hiarratais ó Dé Máirt an 13 Aibreán 2021.
Léigh a thuilleadh >>
Spriocdháta: Dámhachtainí Tionscadail, Déardaoin, 15 Aibreán 2021
Is é spriocdháta an chéad bhabhta eile de Dhámhachtainí Tionscadail na Comhairle Ealaíon ná Déardaoin, 15 Aibreán, 2021 ag 5.30pm.
Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, an 16 Márta 2021 ar aghaidh.
Léigh a thuilleadh >>
Chuireadh chun Comhoibrithe | In the Open | Faoin Spéir
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon In the Open | Faoin Spéir, scéim maoinithe sainchuspóra a fhógairt in 2021, a forbraíodh mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19. Is é an aidhm atá leis clár marthanach agus coimeádta de ghníomhaíochtaí ealaíon ildisciplíneacha, uilechuimsitheacha a ghiniúint i spásanna poiblí nó oscailte i mbailte agus i bpobail ar fud na hÉireann idir mí Iúil 2021 agus mí Aibreáin 2022.
Seimineár gréasáin d’iarratasóirí: 18 Feabhra 2021, 2pm – 3:30pm
Spriocdháta le haghaidh iarratas: 22 Aibreán 2021, 5:30pm
Léigh a thuilleadh >>
Scéim Ensembles na nÓg 2021
Is é an spriocdháta do Scéim Ensembles na nÓg Déardaoin an 15 Aibreán 2021 ag 5:30 i.n. Is é príomhchuspóir Scéim Ensembles na nÓg tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí daoine óga idir deich mbliana d’aois agus 24 bliain d’aois chun saothar uaillmhianach úrnua a chruthú nó dul i ngleic go gníomhach le chéile le saothar uaillmhianach úrnua i bhfoirm ealaíne ar bith. Baineann dhá shnáithe leis an scéim.
Léigh a thuilleadh >>
Dámhachtain do Thionscadal Amharclannaíochta - Spriocdháta le teacht
Is babhta forbartha agus sin amháin a bheidh sa spriocdháta an 15 Aibreán 2021 maidir leis an Dámhachtain do Thionscadal Amharclannaíochta le Snáithe 1 (Forbairt Dráma) agus Snáithe 2 (Saothar a Chruthú don Amharclannaíocht).
Léigh a thuilleadh >>
|
|
|
From Access to Inclusion; Cruinniú mullaigh ar na hEalaíona agus ar an gCultúr
Cruinniú Mullaigh Ealaíon agus Cultúir is ea From Access to Inclusion a bhailíonn na ceannairí agus na habhcóidí is mó a thabharfaidh ábhar machnaimh uathu ó gach cearn den domhan. Is deis uathúil é an cruinniú mullaigh idirnáisiúnta dinimiciúil seo le smaointe a mhalartú agus le bealaí nua agus nuálacha a aimsiú chun eispéiris inrochtana agus chuimsitheacha a chruthú.
Léigh a thuilleadh >>
Tuairisc ar an bPost do phost an Leas-Stiúrthóra ag Áras Scríbhneoirí na hÉireann
Sa ról bainistíochta nua ardleibhéil seo, ag tuairisciú don POF/Stiúrthóir, beidh sealbhóir an phoist freagrach as bainistiú foriomlán oibríochtaí an Árais chomh maith lena acmhainní agus airgeadas, a áitreabh, agus as an bhfoireann i gCearnóg Parnell. Tacóidh an Leas-Stiúrthóir leis an bPOF/Stiúrthóir chun an IWC a reáchtáil ó lá go lá, ag déanamh maoirseachta ar an bhfoireann, ar phleanáil forbartha gnó, agus ar mhaoirseacht oibríochtúil na heagraíochta.
Léigh a thuilleadh >>
Live out Loud – ag ceiliúradh óige LGBTI+
Is feachtas náisiúnta é Live Out Loud a dhéanann ceiliúradh ar óige LGBTI+ agus a thaispeánann an chaoi a bhfuil siad infheicthe, luachmhar agus mar chuid den chultúr, den tsochaí agus de shaol an spóirt. Fáiltíonn an feachtas roimh aighneachtaí ó eagraíochtaí ealaíon a thaispeánann an chaoi a bhfuil óige LGBTI+ infheicthe, luachmhar agus cuimsithe sna healaíona.
Léigh a thuilleadh >>
Wicklow ScreenDance Laboratory - Cóiréagrafaithe na hÉireann ag Bogadh go dtí an Scáileán – Glao ar aighneachtaí
Fógraíonn Wicklow Screendance Laboratory (WSL) glao ar chóiréagrafaithe atá lonnaithe in Éirinn a raibh orthu a gcuid oibre a aistriú ó stiúideo beo nó stáitse go dtí meán na scannánaíochta/ na físe le linn phaindéim Covid 19 in 2020. Roghnófar suas le triúr cóiréagrafaithe chun páirt a ghlacadh in imeacht coimeádaithe le linn fhéile WSL in Aibreán 2021.
Léigh a thuilleadh >>
You, Fin and the Play Between
Clár sé mhí sa cheapadóireacht drámaí le Finnegan Kruckemeyer
do dhrámadóirí bunaithe agus nua ar spéis leo scríobh do lucht féachana óg
Tá áthas ar Fhéile Idirnáisiúnta Baboró do Pháistí, Graffiti Theatre agus TYA Ireland comhoibriú leis an Drámadóir TYA Idirnáisiúnta Finegan Kruckemeyer le clár nua sa cheapadóireacht drámaí a óstáil do scríbhneoirí agus do dhéantóirí amharclannaíochta in Éirinn a bhfuil spéis acu a bheith ag scríobh do lucht féachana óg.
Léigh a thuilleadh >>
|
I BHFÓCAS Seimineár Gréasáin Faisnéise
Tá ríméad ar Oifig Cultúir Dheasc na hEorpa Cruthaithí Éire seimineár gréasáin faisnéise a óstáil don ghlao nua soghluaisteachta ar Ailtireacht ó i-Portunus. Bainfidh an fhaisnéis seo a thabharfar go sonrach faoi cé atá incháilithe agus cad le haghaidh an maoiniú- bí linn agus muid ag dul trí na treoirlínte agus an próiseas iarratais ar ár seimineár gréasáin faisnéise.
Léigh a thuilleadh >>
|
|
|
|
|