San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán Mhí Feabhra dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Bain só as d’fhéile an mhí seo!
Tá spriocdháta curtha amach go dtí an 13ú Márta 2020 don phróiseis comhairliúcháin phoiblí maidir le Beartas Náisiúnta ar Ailtireacht
Buail leis an gComhairle Ealaíon
Deontais agus Dámhachtainí
Scéim Ensembles na nÓg 2020
Tacaíochtaí Léiriúcháin Chruthaithigh – Scéim Phíolótach chun Acmhainní Amharclannaíochta a Chomhroinnt
Mobility First! - Tionscnamh Soghluaiseachta Cultúrtha ASEF 2020
Nuacht ón bPobal
Deis Fostaíochta ag Music Network Riarthóir Clár
Stiúideonna Ealaíontóirí le Fáil ar Cíos
Scoileanna Ildánacha
Deis do Chomhlaigh Chruthaitheacha
Scoileanna Ildánacha – ag cur fáilte roimh iarratais ó scoileanna as gach cearn den tír
Mobility First! - Tionscnamh Soghluaiseachta Cultúrtha ASEF 2020

Tugann Fondúireacht na hÁise-na hEorpa (ASEF) cuireadh do chleachtóirí ealaíon incháilithe ón Áise agus ón Eoraip iarratas a chur isteach trí ghairmeacha oscailte le haghaidh taistil a tharlóidh idir an 20 Eanáir agus an 30 Samhain 2020.  Níl an deontas ceaptha ach chun taisteal idirnáisiúnta agus costais víosa a chlúdach.  Is féidir taisteal chuig aon cheann de thíortha comhpháirtíochta ASEM (an Astráil, an Bhanglaidéis, Brúiné Darasalám, an Chambóid, an Chasacstáin, an Chóiré, Cónaidhm na Rúise, an tSín, an India, an Indinéis, Laos DDL, Maenmar, an Mhalaeisia, an Mhongóil, an Nua-Shéalainn, na hOileáin Fhilipíneacha, an Phacastáin, an tSeapáin, Singeapór, an Téalainn agus Vítneam).

Tugtar tús áite don tacaíocht taistil idirnáisiúnta i gcomhair taisteal chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí atá lárnach don fhorbairt ghairmiúil agus a mbeadh éifeacht iolraitheora aige ar dhaoine eile agus a bheadh chun leasa na sochaí.  Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí incháilithe: ceardlanna/oiliúint; comhdhálacha, féilte, imeachtaí débhliantúla, taispeántais idirnáisiúnta; cónaitheachtaí; cruinnithe forbartha comhpháirtíochta; taighde cleachtasbhunaithe.

Tá spriocdháta rollach ann agus déantar iarratais a mheasúnú nuair a fhaightear iad.  Tá tuilleadh sonraí ar fáil anseo.