San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán Mhí Feabhra dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Tá Tábhacht le hÁiteanna | Ag cruthú rannpháirtíochta éagsúil sna healaíona
An Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach Sebastian Barry ag comhrá le Joseph O'Connor in Ollscoil Luimnigh
Buail leis na Comhlaigh Chruthaitheacha
An SCÉAL IS DÉANAÍ MAIDIR LE SCÉIMEANNA AMHARCLANNAÍOCHTA
Deontais agus Dámhachtainí
Fógraítear na spriocdhátaí do na dámhachtainí scannáin Reel Art agus Authored Works 2019
Scéim Ensembles na nÓg 2019
An chéad spriocdháta eile do Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis – 5:30 pm, Déardaoin, 4 Aibreán 2019
Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon – Spriocdhátaí 2019
Spriocdháta: Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais
Nuacht ón bPobal
Glaoch ar iarratais: Scéim Ceoltóra Chónaithe Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, 2019
What Next: Dive In, Discover Dance
Oifigeach Cláreagraithe – Lánaimseartha Buan
‘And the tide was way out’ Paul Hallahan agus Lee Welch : Gailearaí na Cathrach
Cuireann Widmann agus Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann saothair shuntasacha i láthair in Voices from the Edge
WomenXBorders
Writing for a Change: Comórtas Splancfhicsin
Dámhachtain Scríbhneora Óig Marian Keyes
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Seimineár saor in aisce: Communications and your EU culture project
Tá Tábhacht le hÁiteanna | Ag cruthú rannpháirtíochta éagsúil sna healaíona

Comhdháil: 27 & 28 Márta 2019, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Beifear in ann ticéid a chur in áirithe ón 7 Feabhra  

 

Tugadh breac-chuntas inár nuachtlitir i mí Eanáir ar an gcomhdháil ‘Tá Tábhacht le hÁiteanna’ a chuirfidh an Chomhairle Ealaíon agus an Rialtas Áitiúil ar siúl go luath. Beidh an chomhdháil ar siúl thar dhá lá agus is é seo a leanas an clár oibre chuici.

 

Clár

  • Ceardlann do bhainisteoirí ionad tionóil, d’oifigigh ealaíon agus d’eagraíochtaí ealaíon a stiúrfaidh Nina Simon, Stiúrthóir Mhúsaem Ealaíne agus Staire Santa Cruz, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar an 27 Márta, 2:00 pm–4:00 pm
  • Seolfar Beartas nua um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht na Comhairle Ealaíon i bPálás na bPictiúr ar an 27 Márta ag a 6:00 pm
  • Comhdháil Tá Tábhacht le hÁiteanna, Halla Bailey Allen, OÉ Gaillimh ar an 28 Márta, 9:30 am–4:00 pm

 

Príomhchainteoirí na comhdhála:

  • Nina Simon, Stiúrthóir Mhúsaem Ealaíne agus Staire Santa Cruz. 
  • Abid Hussain – Stiúrthóir Éagsúlachta ar Chomhairle Ealaíon Shasana
  • An tOllamh William Schabas – Cathaoirleach Ionad um Chearta Daonna na hÉireann in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

 

I meas na ndaoine a labhróidh ag an gcomhdháil tá

  • Lorraine Maher | gníomhaí
  • Nita Mishra | file
  • Rosaleen McDonagh | drámadóir
  • Kunle Animashaun | cleachtóir téatair 
  • Helen Marriage | stiúrthóir cruthaitheach
  • Melatu Uche Okorie | údar
  • Rusangano Family 
  • agus neart eile...

 

Stiúrfaidh an Dr Ronit Lentin an chomhdháil.

 

Áirithint

Beidh tuilleadh faisnéise agus sonraí maidir le ticéad a chur in áirithe ar fáil anseo ón 7 Feabhra 2019

Féach ar ár bhfothaí Facebook agus Twitter chun an nuacht is déanaí a fháil.

Tuilleadh eolais 

Jenny Devine - jenny.devine@artscouncil.ie