San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Mhárta dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Luach Saothair don Ealaíontóir
Tacaíochtaí Léiriúcháin Chruthaithigh – Scéim Phíolótach chun Acmhainní Amharclannaíochta a Chomhroinnt
Clár RAISE - FORBAIRT ACMHAINNE INFHEISTÍOCHTA PRÍOBHÁIDÍ - Fógraítear Céim 2.
Clinicí faisnéise ar dhámhachtainí scannáin na Comhairle Ealaíon don bhliain 2020
Deontais agus Dámhachtainí
An Dámhachtain Coimisiún, an chéad spriocdháta eile – 5:30 p.m, Déardaoin, 30 Aibreán 2020
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an spriocdháta don Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa, 2020
An Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Amharclannaíochta
Spriocdháta: An Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
Spriocdháta: Maoiniú Deontais do na hEalaíona, 2021
An chéad spriocdháta eile do Reel Art – 17:30 Déardaoin,14 Bealtaine 2020
Nuacht ón bPobal
Tá WESTIVAL ag lorg STIÚRTHÓIR FÉILE. Buaiteoir Dhámhachtana Féilte na hÉireann 2019 don ‘Fhéile Bheag is Fearr’.
PAINÉAL TEAGASCÓIRÍ CEOIL
Riarthóir Music Generation
Scoileanna Ildánacha
Deis do Chomhlaigh Chruthaitheacha
Scoileanna Ildánacha – ag cur fáilte roimh iarratais ó scoileanna as gach cearn den tír
Spriocdháta: Maoiniú Deontais do na hEalaíona, 2021

Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas: 5.30 pm Déardaoin, 12 Márta 2020

Beifear ag glacadh le hiarratais ón 28 Eanáir 2020.

 

Is é an cuspóir atá le Maoiniú Deontais do na hEalaíona a chinntiú go mbeidh fairsinge gníomhaíochtaí agus clár ealaíon ar ardchaighdeán ar fáil ar fud na tíre, trí thacaíocht solúbtha a chur ar fáil ar feadh tréimhse ama seasta, agus trína dhéanamh sin, freagraíonn sé do riachtanais na ndaoine atá ag déanamh saothair, á chur i láthair agus ag tacú le cruthú saothair.

Tá sé i gceist go ndéanfaidh an clár na nithe seo:

  • Tacaíocht a thabhairt do níos mó ná gníomhaíocht ealaíon ar leith amháin a bheidh ar siúl laistigh de thréimhse ama seasta, nó
  • Tacaíochtaí nó saoráidí a thabhairt d'ealaíontóirí thar thréimhse ama seasta.

Tá sé ina sprioc sa chlár, Maoiniú Deontais do na hEalaíona, freisin torthaí a bhaint amach ina bhforbraítear na healaíona:

  • Trí eispéiris ealaíon ar ardchaighdeán a chur ar fáil don phobal mór a bheith páirteach sna healaíona, nó
  • Trí sheirbhísí, acmhainní nó áiseanna den scoth a sholáthar a thacaíonn le hobair ealaíontóirí nó earnáil na n-ealaíon, agus
  • An maitheas a dhéanfar d’éiceolaíocht na n-ealaíon sa réimse cleachtais lena mbaineann tú.

 

Foilseofar treoirlínte ar ár suíomh gréasáin i mí Eanáir 2020 sa chuid maidir le maoiniú atá ar fáil