Is clár forbartha amharclannaíochta 6 mhí é Belltable:Connect Theatre Makers a fhreagróidh don ghá aitheanta atá ann cruthú le treoir agus le tacaíocht ó mheantóirí, ag tabhairt ugaigh do rannpháirtithe saothair nua a fhorbairt. Éascaíonn an clár d’ealaíontóirí a sócúlacht chruthaitheach a leathnú amach agus iniúchadh a dhéanamh i dtimpeallacht shábháilte spreagthach.
Spreagann Theatre Makers comhoibriú le daoine eile, laistigh de chreat cláir ina mbeidh cainteanna, ceardlanna agus taispeántais-taibhithe. Beidh na cainteanna ar siúl ar feadh dhá lá uair sa mhí ó Eanáir go Meitheamh 2017, in Belltable, 69 Sráid Uí Chonaill, Cathair Luimnigh. Éascaítear do na rannpháirtithe sa chlár tabhairt faoi stíleanna, cineálacha cur chuige agus tuairimí éagsúla san amharclannaíocht chomhaimseartha as Éirinn, an Eoraip agus níos faide ó bhaile. Cuirfidh an grúpa rannpháirtithe cruthaitheacha taispeántas dá gcuid smaointe faoi bhráid an phobail i mí Iúil 2017.
Tá Belltable:Connect Theatre Makers 2017 faoi stiúir beirt phríomh-mheantóirí – an drámadóir Deirdre Kinahan agus an stiúrthóir Lynne Parker. I measc na meantóirí ar cuairt beidh Tim Crouch (RA), Théâtre de la Pire Espèce (Ceanada) agus Rebecca Perry (Ceanada), agus daoine nach iad.
I gcomhair tuilleadh eolais agus chun foirmeacha iarratas a íoslódáil cliceáil anseo. Is é an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais an 21 Samhain 2016 ag 5 p.m. agus ní imeofar ón dáta sin. Gheobhaidh na hiarratasóirí rathúla stipinn chun cuidiú leo a gcostais a chumhdach.
Tá tacaíocht ag Belltable:Connect Theatre Makers 2017 ón gComhairle Ealaíon faoin Scéim um Fhorbairt Ealaíontóirí Téatair.