1. Fógraítear faighteoir Dhámhachtain Ailtireachta Kevin Kieran 2011-2013
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon agus ar Oifig na nOibreacha Poiblí a fhógairt gurb é Andrew Clancy, ó Clancy Moore Architects, Baile Átha Cliath, faighteoir Dhámhachtain Ailtireachta Kevin Kieran 2011-2013.
Léigh tuilleadh
2. Spriocdháta do na Dámhachtainí Tionscadail - 5.30 i.n., Déardaoin an 31 Márta 2011
Is é spriocdháta an chéad bhabhta eile de na Dámhachtainí Tionscadail ná Déardaoin, an 31 Márta, 2011 ag 5.30 i.n.
Léigh tuilleadh
3. Clinicí faisnéise maidir leis an bpróiseas iarratais i gcomhair na nDámhachtainí Tionscadail
Reáchtálfaidh an Chomhairle Ealaíon roinnt clinicí faisnéise roimh an spriocdháta do na Dámhachtainí Tionscadail, chun comhairle agus faisnéis faoin bpróiseas iarratais a chur ar fáil.
Léigh tuilleadh
4. Spriocdhátaí fógartha i gcomhair Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal 2011
Dhá uair in aghaidh na bliana, cuireann an Chomhairle Ealaíon deontais ar fáil ionas go mbeidh ealaíontóirí agus pobail áite/shuime in ann comhoibriú ar thionscadail ealaíon.
Léigh tuilleadh
5. Meabhrúchán: Comhaltacht Jerome Hynes i gcomhair ceannairí cultúrtha don todhchaí 2011/2012 - spriocdháta meán lae, Dé hAoine an 11 Márta
Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis fógairt go bhfuil an tréimhse iarratais oscailte anois i gcomhair Chomhaltacht Jerome Hynes. Tá sé mar aidhm ag an dámhachtain seo cabhair a thabhairt chun ceannairí cultúrtha den scoth a fhorbairt d'Éirinn.
Léigh tuilleadh
6. Dámhachtain Deis 2011 - fógraítear spriocdhátaí agus is ar líne a ghlacfar le hiarratais uirthi
Beidh spriocdhátaí ar leith i bhfeidhm anois do Dhámhachtain Deis 2011 agus is ar líne a ghlacfar le hiarratais uirthi.
Léigh tuilleadh
7. Is ar líne a ghlacfar le hiarratais ar Dhámhachtain Taifeadta Deis 2011 - spriocdháta 5.30 i.n., Dé hAoine an 8 Aibreán 2011
Is é spriocdháta na Dámhachtana Taifeadta Deis Dé hAoine an 8 Aibreán 2011 ag 5.30 i.n. Ní ghlacfar le hiarratais ar an dámhachtain anois ach tríd an gcóras ar líne.
Léigh tuilleadh
8. Comhaltacht Location One 2011-2012: spriocdháta Déardaoin an 24 Márta 2011 ag 5.30 i.n.
Tá comhaltacht á tairiscint ag an gComhairle Ealaíon d’ealaíontóir amháin lena rannpháirtíocht a éascú sa chlár cónaitheachta idirnáisiúnta in Location One, atá lonnaithe in Soho i Nua-Eabhrac. Is é aidhm na comhaltachta ná cabhrú leis an bhfaighteoir cleachtais a fhorbairt agus saothar nua a chruthú.
Léigh tuilleadh
9. Nuacht ó phobal na n-ealaíon
I measc na nuachta ó phobal na n-ealaíon i mí Feabhra tá gairm ar iarratais do Music Generation - Clár Náisiúnta na hÉireann um Oideachas Ceoil; fógra faoi spriocdháta Chultúr Éireann atá ag teacht aníos d’Fhéile Imill Dhún Éideann 2011; foilsímid faisnéis faoi na héisteachtaí atá ag teannadh linn i gcomhair Chór Ógra na hÉireann agus tugaimid cuireadh duit freastal ar léacht i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath leis an Ollamh Harry Clifton, sealbhóir reatha Chathaoir Filíochta na hÉireann (Ireland Chair of Poetry).
Léigh tuilleadh
10. Nuacht idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha
I measc na nuachta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha i mí Feabhra, tá na scéalta seo a leanas: faisnéis faoi imeacht eolais an Chláir Chultúir le haghaidh eagraíochtaí oidhreachta; gairm chun vótáil do na ceoltóirí tréitheacha Eorpacha i mbéal a réime is ansa leat; fógra faoin 8ú gairm tograí do Chlár IVB Iarthuaisceart na hEorpa (NWE) Interreg agus ar deireadh beidh Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta Mintfest i gcomhair na n-ealaíon sráide ar siúl arís in 2011.
Léigh tuilleadh
|
|