San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Mheán Fómhair dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Gerard Stembridge ceaptha mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe ag UCC
Comhdháil Idirnáisiúnta maidir le ról na n-ealaíon sa phleanáil teanga
Deontais agus Dámhachtainí
Tograí á lorg ag an gClár Beyond Borders de chuid an PRS for Music Foundation ó eagraíochtaí agus grúpaí atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe agus i bPoblacht na hÉireann
Meabhrúchán: Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Babhta 1 de Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí 2016
Lucht Féachana na nEalaíon Nuacht
Nuacht ó Lucht Féachana na nEalaíon
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir
Tograí á lorg ag an gClár Beyond Borders de chuid an PRS for Music Foundation ó eagraíochtaí agus grúpaí atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe agus i bPoblacht na hÉireann

Bunaíodh Beyond Borders (Thar Teorainn) in 2010 chun tacú le saothair chomhchoimisiúnaithe agus camchuairteanna d’ardchaighdeán, ar mhaithe le comhoibriú a spreagadh idir cumadóirí, grúpaí taibhiúcháin agus eagraíochtaí ceoil. Faoin gclár, bronntar suas le £15,000 ar thionscadail chomhchoimisiúnaithe agus chamchuairte, lena n-áirítear aon chostais a bhaineann le taifeadadh. 

Is é seo an dara bliain atá an Chomhairle Ealaíon ag dul i gcomhpháirtíocht leis an PRS for Music Foundation, Creative Scotland, Comhairle Ealaíon na Breataine Bige agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann mar cheann de chomhpháirtithe an chláir.

 Chun iarratas a dhéanamh agus chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig: http://www.prsformusicfoundation.com/Partnerships/Flagship-Programmes/Beyond-Borders.

Níor mhór go mbeadh na hiarratais á ndéanamh ag eagraíochtaí atá ag coimisiúnú nó ag cur nuacheol chun cinn (e.g. ceol clasaiceach, ceol traidisiúnta, snagcheol, ceol comhaimseartha) in éineacht le comhpháirtí amháin eile ar a laghad atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe nó in Éirinn. Is é 6pm, Dé Luain, an 21 Meán Fómhair 2015 an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Email Software by Newsweaver