Is í Kate Goodwin Ceann na hAiltireachta agus Coimeádaí Drue Heinz ag Acadamh Ríoga na nEalaíon. Tá sí i gceannas freisin ar an Roinn Ailtireachta ag an Acadamh, áit ina gcuirtear díospóireacht chun cinn maidir leis an ailtireacht don phobal agus do lucht gairme agus go háirithe an ceangal atá aici leis na healaíona eile. Mar chuid de thionscnamh na Comhairle Ealaíon An Ailtireacht a Leathnú, atá á bhainistiú ag Create tabharfaidh Kate Goodwin an dara caint phoiblí an 1 Aibreán 2016 in Amharclann Oileán Altanach, Ionad Ealaíon na Gaillimhe idir 7-9 pm.
D'fhógair an Chomhairle Ealaíon níos túisce i mbliana go bhfuiltear chun oiliúint a thabhairt isteach do chleachtóirí cultúir a bhfuil spéis acu i gclársceidealú, oiliúint ina ndéanfar iniúchadh agus ina roinnfear luach cultúrtha agus ealaíonta na hailtireachta leis an bpobal. Déanfaidh Todo Por La Praxis, Kate Goodwin, agus Teddy Cruz, ar príomhchleachtóirí idirnáisiúnta iad, óstáil ar sheisiúin idirghníomhacha oiliúna i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh agus i gCorcaigh sa bhliain 2016 mar chuid de An Ailtireacht a Leathnú, tionscnamh oiliúna. Ina theannta sin, beidh gach duine den triúr cleachtóirí i láthair in Éirinn, rud nach dtarlaíonn ach go hannamh, ag cainteanna a bheidh saor in aisce don phobal.
Roinnfidh Todo Por La Praxis (Maidrid), Kate Goodwin (Londain) agus Teddy Cruz (San Diego), ar cleachtóirí clúiteacha idirnáisiúnta iad, a gcuid saineolais agus an léargas atá acu féin ar oiliúint maidir le conas clársceidealú, cur i láthair, comhoibriú, idirghabháil agus oibriú ar bhealaí nua san ailtireacht.
Aithnítear faoi láthair i gcuid mhaith cleachtais ailtireachta, ionaid ealaíon, gailearaithe, féilte, ionaid chathartha agus spásanna poiblí timpeall an domhain go bhfuil cleachtóirí beoga ag iarraidh réimse na hailtireachta a leathnú amach thar dhearadh agus thógáil foirgneamh amháin. Tabharfar léiriú ar na forbairtí sin san oiliúint agus tá sí ag teacht le beartas agus le tiomantas na Comhairle Ealaíon maidir leis an ailtireacht. Sna samplaí sin de bhealaí chun aird an phobail a tharraingt ar chleachtais ailtireachta agus ar chur i láthair na hailtireachta, osclaítear suas braistint ailtireachta mar ardán le haghaidh comhráite trí chéile faoin gcineál domhain ina mairimid sa lá atá inniu ann.
Chun áirithint a dhéanamh, téigh chuig www.create-ireland.ie chun nasc áirithinte a fháil ar Eventbrite.
An Ailtireacht a Leathnú, oiliúint i gcleachtais chun an pobal a spreagadh le bheith rannpháirteach san ailtireacht, mar chuid de bheartas agus de thiomantas na Comhairle Ealaíon maidir le rannpháirtíocht an phobail leis an ailtireacht.