<< Clúdach
English Version

Ailt
Comhaltacht Scríbhneora UCD

Comhaltacht Scríbhneora Ollscoil Luimnigh

Scéim na bhFoilseachán / Teideal ar Theideal 2015

Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Babhta 1 de Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí 2015

Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe

Scéim Spás Oibre na bhFísealaíontóirí 2015

Lucht Féachana na nEalaíon Nuacht

Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir

Cartlann
Cliceáil anseo chun breathnú ar ár gcartlann

Eagarthóir
 
Spriocdháta le haghaidh nuachta agus tuairimí Dé hAoine 15 Lúnasa 
.

Seol scéal nuachta chugainn

Liostáil
Liostáil


nuachtlitir
Imleabhar 11 Eagrán 111 Lúnasa 2014

Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe

Táthar ag lorg iarratas ó shárealaíontóirí clúiteacha (ceoltóirí, amhránaithe, rinceoirí) a bhfuil an-teist orthu don fholúntas thuasluaite arna chomh-mhaoiniú ag Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta (COC) agus ag an gComhairle Ealaíon. Ó Dheireadh Fómhair 2014 go dtí Meán Fómhair 2015 an tréimhse atá i gceist.

Dáta Deireanach le haghaidh Iarratas: 14 Lúnasa 2014 Scoil: An Scoil Ceoil agus Amharclannaíochta Conradh: Téarma Seasta Páirtaimseartha.

 

Beidh an té a cheapfar mar chomhairleoir agus mar mheantóir d’ealaíontóirí traidisiúnta nua i bpobal COC agus cuirfidh sé/sí sé huaire a' chloig teagmhála ar fáil gach seachtain le ceardlanna, seimeanáir agus seisiúin chomhairleoireachta i rith théarmaí na hollscoile. Seinnfidh an té a cheapfar ag dhá cheolchoirm phoiblí agus beidh baint aige/aici le comhthionscadal idir an fhoireann agus na mic léinn a chuirfidh ábhar ealaíonta bunaidh os comhair an tsaoil mhóir. I rith laethanta saoire na hollscoile beidh an té a cheapfar in ann a c(h)uid tionscadal féin a chur i gcrích gan aon chur isteach.

Conas iarratas a dhéanamh:

Ba cheart iarratais a sheoladh mar cheangaltán le ríomhphost roimh an 14 Lúnasa. Iarrtar ar iarrthóirí litir iarratais maille le C.V. a chur isteach in a bhfuil sonraí a bhaineann le hábhar, mar shampla ceolchoirmeacha, foilseacháin (CDanna, DVDanna, srl. san áireamh) agus gradaim go dtí an Dr Mel Mercier, An Scoil Ceoil agus Amharclannaíochta, COC nó mmercier@ucc.ie Beidh na hagallaimh ar siúl i gCorcaigh go luath i Meán Fómhair.

 

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Dr Mel Mercier má tá tuilleadh eolais uait ar shonraí, ar chúrsaí airgeadais nó má theastaíonn uait fiosrúcháin neamhfhoirmiúla a dhéanamh.

 

<< Clúdach
Email Newsletter Software by Newsweaver