1. Fógraíonn Máire Mhic Ghiolla Íosa an chéad Laureate na nÓg
D’fhógair an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa Siobhán Parkinson mar Laureate na nÓg, an chéad laureate in Éirinn le haghaidh litríocht do leanaí. Bhronn an tUachtarán bonn Laureate na nÓg uirthi ag ócáid speisialta i gceanncheathrú na Comhairle Ealaíon.
Léigh tuilleadh
2. Cinntí: Scéim na bhFéilte Ealaíon Beaga 2010, babhta 2
D'fhógair an Chomhairle Ealaíon sonraí na ndaoine ar éirigh leo faoi bhabhta a dó de Scéim na bhFéilte Beaga Ealaíon do 2010.
Léigh tuilleadh
3. Spriocdháta: Dámhachtain Sparánachta, babhta 2
Is é spriocdháta an dara babhta de na Dámhachtainí Sparánachta ná Déardaoin, an 15 Iúil, 2010 ag 5.30 i.n.
Léigh tuilleadh
4. Lucht Féachana na nEalaíon - fógraítear tionscadal nua
Tá Lucht Féachana na nEalaíon ag tabhairt faoi threoirthionscadal le comhoibriú foirmiúil a thosú agus a chomhordú i measc eagraíochtaí ealaíon.
Léigh tuilleadh
5. Foilsíonn Lucht Féachana na nEalaíon tuarascálacha ón Scéim Build Your Audience agus ón Scéim Meantóireachta um na Meáin Nua
Cuireann Lucht Féachana na nEalaíon trí thuarascáil ó fhaighteoirí Scéim Meantóireachta um na Meáin Nua ar fáil. Freisin an mhí seo, foilsíonn Lucht Féachana na nEalaíon Guide to Marketing Your Production on Tour, tuarascáil ón Scéim Build Your Audience.
Léigh tuilleadh
6. Fógraíonn Cathaoir Filíochta na hÉireann Miriam Gamble mar bhuaiteoir na Sparánachta don bhliain 2010
Bhronn iontaobhaithe Chathaoir Filíochta na hÉireann (Ireland Chair of Poetry) sparánacht 2010 Chathaoir Filíochta na hÉireann ar Mariam Gamble le déanaí.
Léigh tuilleadh
7. Baineann an Chomhairle Ealaíon príomhdhámhachtain gnó amach, déantar tairiscint cabhrú le daoine eile
Toghadh córas seirbhísí ar líne na Comhairle Ealaíon a seoladh le déanaí mar Tionscadal TF na Bliana (An Earnáil Phoiblí) sna Dámhachtainí maidir le Sármhaitheas TFC.
Léigh tuilleadh
8. Meabhrúchán: suíomh Gréasáin na healaíne poiblí
Cuireann an suíomh Gréasáin seo a bunaíodh le déanaí eolas ar fáil d’ealaíontóirí atá ag obair sa réimse poiblí.
Léigh tuilleadh
9. Nuacht ó phobal na n-ealaíon
Ar chuid den nuacht ó phobal na n-ealaíon in Bealtaine tá: glaoch ar fhísealaíontóirí le haghaidh taispeántas in Ionad Ealaíon Theach na Cúirte; fógraíonn Dánlann agus Stiúideo Bharra an Teampaill faighteoirí na dámhachtana malartaithe agus stiúideo Éireannach agus Fionlannach don bhliain 2010; fógraíonn Music Network an Stiúrthóir agus an Bord don Chlár Náisiúnta um Oideachas Ceoil.
Léigh tuilleadh
10. Nuacht idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha
Áirítear leis an nuacht ón bPointe Teagmhála Cultúrtha i mí na Bealtaine: faisnéis faoi threoir clár nua a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais Closamhairc agus Cultúir don Chlár Cultúir 2007-2013; gairm tograí don chlár LIFE+, ionstraim airgeadais an AE a thugann tacaíocht do thionscadail caomhnaithe comhshaoil agus dúlra ar fud an AE; acmhainn nua ar a dtugtar EVE is féidir a úsáid le féachaint ar na mílte tionscadal ar líne a fhaigheann maoiniú ón AE agus a gcuid torthaí, agus ar deireadh d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach treoir do thosaitheoirí maidir le deontais agus maoiniú an AE.
Léigh tuilleadh
|
|