Visit Culturefox
The Arts Council Website
San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Eanáir de nuachtlitir na Comhairle Ealaíon
Nuacht na míosa seo
Phelim Donlon ómós
An Straitéis Náisiúnta Óige
Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Gaillimh ar a sainiú mar Chathair Scannán UNESCO.
Deontais agus Dámhachtainí
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Babhta 2 de Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí 2015
An Dámhachtain Coimisiún, an chéad spriocdháta eile – 5:30pm, Déardaoin, an 19 Feabhra 2015
Dámhachtana Deis: an chéad spriocdháta eile – 5:30pm, Déardaoin, an 19 Feabhra 2015
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon go mbeidh Comhaltacht Jerome Hynes á tairiscint aici do 2015/16
Clinic Faisnéise le haghaidh na Dámhachtana Sparánachta Litríochta
Lucht Féachana na nEalaíon Nuacht
Nuacht ó Lucht Féachana na nEalaíon
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir
Arts Council RSS
Cartlann
Déan Teagmháil linn
Spriocdháta le haghaidh nuachta agus tuairimí Dé Luain 18 Eanáir.

editor@artscouncil.ie
Liostáil

 

Liostáil

Nascanna Úsáideacha

Comhairle Ealaíon Leathanach baile

Foireann na Comhairle Ealaíon

Baill na Comhairle Ealaíon

cinntí déanaí

Nuacht na míosa seo
Phelim Donlon ómós
Chuir an Chomhairle Ealaíon a brón faoi bhás Phelim Donlon in iúl an mhí seo caite, duine tábhachtach sna healaíona léirithe in Éirinn a raibh an-chion air. Thosaigh Phelim ag obair leis an gComhairle Ealaíon i 1983 agus bhí sé ina Oifigeach Scannán, Drámaíochta agus Ceoldrámaíochta. Chuaigh sé ar scor in 2001 ach lean sé air ag tacú go paiseanta le tallann nua a bhí ag teacht chun cinn, agus é mar chomhalta ar bhoird go leor eagraíochtaí taibh-ealaíon. Sa léiriú ómóis seo, cuimhnímid ar ár gcara agus ar ár gcomhghleacaí Phelim Donlon.


Léigh a thuilleadh >>




An Straitéis Náisiúnta Óige

Tá an chéad chéim de chomhairliúchán i gcomhair na Straitéise Náisiúnta Óige ar bun. Tá an tionscnamh á threorú ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Is mian leis an gComhairle Ealaíon aon eagraíochtaí ealaíon atá ag obair leis an óige a spreagadh chun a n-ionchur i bhforbairt na straitéise a éascú.



Léigh a thuilleadh >>




Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Gaillimh ar a sainiú mar Chathair Scannán UNESCO.
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon comhghairdeas a dhéanamh le Gaillimh ar a sainiú mar Chathair Scannán UNESCO. Tar éis tairiscint faoi threoir Ionad Scannán na Gaillimhe, i gcomhar le Comhairlí Cathrach agus Contae na Gaillimhe, d’fhógair Ard-Stiúrthóir UNESCO ar an 1 Nollaig gur éirigh le Gaillimh stádas Cathair Scannán a bhaint amach. 


Léigh a thuilleadh >>

Deontais agus Dámhachtainí
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Babhta 2 de Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí 2015
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Babhta 2 de Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí (FES) 2015. Tá Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí ar oscailt d’fhéilte ildisciplíneacha, d’fhéilte foirm ealaíne aonair, d’imeachtaí aonuaire agus do shraitheanna ceolchoirmeacha.


Léigh a thuilleadh >>




An Dámhachtain Coimisiún, an chéad spriocdháta eile – 5:30pm, Déardaoin, an 19 Feabhra 2015
Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Coimisiún na Comhairle Ealaíon Déardaoin, an 19 Feabhra 2015 ag 5.30pm. Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, an 20 Eanáir 2015 ar aghaidh.


Léigh a thuilleadh >>




Dámhachtana Deis: an chéad spriocdháta eile – 5:30pm, Déardaoin, an 19 Feabhra 2015
Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Deis na Comhairle Ealaíon Déardaoin, an 19 Feabhra 2015 ag 5.30pm. Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, an 20 Eanáir 2015 ar aghaidh.


Léigh a thuilleadh >>




Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon go mbeidh Comhaltacht Jerome Hynes á tairiscint aici do 2015/16
Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go mbeidh Comhaltacht Jerome Hynes á tairiscint aici do 2015/16. Féadtar iarratas a dhéanamh ar Chomhaltacht Jerome Hynes anois do 2015/16. Tá sé mar aidhm ag an dámhachtain seo ceannairí cultúrtha den scoth a fhorbairt d’Éirinn


Léigh a thuilleadh >>




Clinic Faisnéise le haghaidh na Dámhachtana Sparánachta Litríochta
Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Sparánachta Litríochta na Comhairle Ealaíon (do scríbhneoirí atá ag obair i mBéarla) Déardaoin, an 22 Feabhra 2015 ag 5.30pm. Reáchtálfaidh an Chomhairle Ealaíon clinic faisnéise in Áras na Scríbhneoirí roimh an spriocdháta sin chun comhairle agus faisnéis faoin bpróiseas iarratais a chur ar fáil.


Léigh a thuilleadh >>

Lucht Féachana na nEalaíon Nuacht
Nuacht ó Lucht Féachana na nEalaíon
Clár Forbartha Lucht Féachana (Léiriú) 2015 – Tá áthas ar Lucht Féachana na nEalaíon a fhógairt go bhfuil clár oiliúna i bhforbairt lucht éisteachta á chomhordú acu do chuideachtaí agus d’aonáin léiriúcháin; iad siúd a chuireann obair ar fáil agus/nó chun cinn.


Léigh a thuilleadh >>

Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir

Tugann an Oifig Cultúir fógra an mhí seo maidir le gairmeacha oscailte le haghaidh an chláir, an Eoraip Chruthaitheach – Tacaíocht d’Ardáin Eorpacha agus Tacaíocht d’Aistriúcháin Liteartha.Mar is gnáth cuirimid fáilte roimh cheisteanna ar bith maidir le maoiniú an AE le haghaidh cultúir. Téigh i dteagmháil linn ag cedculture@artscouncil.ie.



Léigh a thuilleadh >>

Newsletter Marketing Powered by Newsweaver