The Arts Council Website
San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go hEagrán mhí Dheireadh Fómhair dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Clár In the Open / Faoin Spéir mhí Dheireadh Fómhair
Comhdháil ‘Tá Tábhacht le hÁiteanna’ 2022 | Ag infheistiú go cruthaitheach i ndaoine agus in áiteanna
Deontais agus Dámhachtainí
Gairm ar iarratais ar phoist mar Scríbhneoir Cónaithe in ollscoileanna na hÉireann in 2022
Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2022: Babhta 2
EALAÍONTÓIR SCANNÁN CÓNAITHE in UCC in 2022 - Gairm ar iarratais
Scéim Phíolótach um Chleachtas Amaitéarach agus Deonach – Babhta 2
Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe
Nuacht ón bPobal
COMHALTACHT MÚSAEIM IDIR ÉIRE ILDÁNACH AGUS FULBRIGHT: EXPLORATORIUM
COMHALTACHT GHAIRMIÚIL IDIR FULBRIGHT AGUS ÉIRE ILDÁNACH
Scoileanna Ildánacha
Tá 188 scoil agus ionad Ógtheagmhála breise trasna na tíre ag glacadh páirt i Scoileanna Ildánacha 2021
Arts Council RSS
Cartlann
Déan Teagmháil linn

Spriocdháta le haghaidh nuachta agus tuairimí.

Dé hAoine, 22 Dheireadh Fómhair.

.

.

 .

.

.

.

.

editor@artscouncil.ie

Liostáil

 

Liostáil

Nascanna Úsáideacha

Comhairle Ealaíon Leathanach baile

Foireann na Comhairle Ealaíon

Baill na Comhairle Ealaíon

cinntí déanaí

Nuacht na míosa seo
Clár In the Open / Faoin Spéir mhí Dheireadh Fómhair

Is tionscnamh nua é Open/FAOIN SPÉIR a chruthaigh an Chomhairle Ealaíon chun leanúint leo ag spreagadh rannpháirtíocht an phobail sna healaíona amuigh faoin spéir de réir mar a thagaimid amach as aimsir na paindéime.



Léigh a thuilleadh >>




Comhdháil ‘Tá Tábhacht le hÁiteanna’ 2022 | Ag infheistiú go cruthaitheach i ndaoine agus in áiteanna

BREAC SÍOS AN DÁTA: Óstálfaidh an Chomhairle Ealaíon agus Rialtas Áitiúil Éireann an tríú comhdháil dhébhliantúil ar an 24 agus 25 Márta 2022 in Ionad Visual, Ceatharlach.



Léigh a thuilleadh >>

Deontais agus Dámhachtainí
Gairm ar iarratais ar phoist mar Scríbhneoir Cónaithe in ollscoileanna na hÉireann in 2022

Tá comhpháirtíocht fhada ag an gComhairle Ealaíon le roinnt ollscoileanna Éireannacha chun poist mar Scríbhneoir Cónaithe/Comhaltacht a chur ar fáil d’fhonn deis a thabhairt do mhic léinn ollscoile atá i mbun clár MA agus MFA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach oibriú le húdar gairmiúil a bhfuil meas air, agus d’fhonn deis a thabhairt do scríbhneoirí a saothar a fhorbairt fad is atá seasamh airgeadais réasúnta cobhsaí acu. 



Léigh a thuilleadh >>




Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2022: Babhta 2

Tá an dara ceann de dhá bhabhta de Scéim Infheistíochta na bhFéilte (FIS) le haghaidh féilte a bheidh ar siúl idir mí Iúil agus mí na Nollag, 2022, fógartha ag an gComhairle Ealaíon.

Is é ról na Comhairle Ealaíon tacú le féilte ilghnéitheacha agus éagsúla agus chun slabhra tacaíochtaí maoinithe a chur ar fáil a spreagann: samhailtí a bhfuil suntasacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leo agus an cleachtas is fearr, samhailtí a mhéadaíonn deiseanna do rannpháirtíocht an phobail nó a fhorbraíonn saothar ealaíontóra/foirm ealaíne, cláir féile atá ag obair leis an bpobal áitiúil, agus ábhartha dó.



Léigh a thuilleadh >>




EALAÍONTÓIR SCANNÁN CÓNAITHE in UCC in 2022 - Gairm ar iarratais

Tá iarratais á lorg ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh ó ealaíontóirí scannán iomráiteacha don ról mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe in UCC don bhliain féilire 2022.



Léigh a thuilleadh >>




Scéim Phíolótach um Chleachtas Amaitéarach agus Deonach – Babhta 2

I straitéis na Comhairle Ealaíon aithnítear an ról sainiúil atá ag cleachtas ealaíon amaitéarach, an méid tábhachtach a chuireann sé le beogacht na n-ealaíon in Éirinn agus ceol, amharclannaíocht agus amharclannaíocht cheoil san áireamh, agus na tairbhí pearsanta, sóisialta agus ealaíonta éagsúla a bhaineann leis.



Léigh a thuilleadh >>




Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe

Tá iarratais á lorg ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh ó ealaíontóirí traidisiúnta iomráiteacha don ról mar Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe in COC don bhliain féilire 2022.



Léigh a thuilleadh >>

Nuacht ón bPobal
COMHALTACHT MÚSAEIM IDIR ÉIRE ILDÁNACH AGUS FULBRIGHT: EXPLORATORIUM

Spreagtar mic léinn PhD nó scoláirí iardhochtúireachta iarratas a dhéanamh ar Chomhaltacht Músaeim idir Fulbright agus Éire Ildánach chun taighde gearrthéarma a dhéanamh san Exploratorium, i San Francisco. Is é misean an mhúsaeim seo, a bhfuil cáil dhomhanda air, cultúr foghlama a chruthú trí thimpeallachtaí, cláir agus uirlisí nuálacha a chabhraíonn le daoine ar fud an domhain féith na fiosrachta atá iontu a chothú.



Léigh a thuilleadh >>




COMHALTACHT GHAIRMIÚIL IDIR FULBRIGHT AGUS ÉIRE ILDÁNACH

Spreagtar gairmithe, ag a bhfuil taithí seacht mbliana ar a laghad san earnáil chruthaitheach, cultúrtha nó oidhreachta iarratas a dhéanamh ar Chomhaltacht Ghairmiúil Fulbright-Éire Ildánach 2021-2022.



Léigh a thuilleadh >>


Scoileanna Ildánacha
Tá 188 scoil agus ionad Ógtheagmhála breise trasna na tíre ag glacadh páirt i Scoileanna Ildánacha 2021

Cuireann an Chomhairle Ealaíon fáilte roimh an 188 Bunscoil agus Iar-bhunscoil bhreise ar fud na hÉireann atá ag clárú le Clár na Scoileanna Ildánacha an fómhar seo, lena n-áirítear 44 scoil DEIS, 3 ionad Ógtheagmhála, 11 scoil Speisialta agus 17 nGaelscoil.



Léigh a thuilleadh >>