San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Dheireadh Fómhair dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Léacht bhliantúil de chuid an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach: An Irishwoman Abroad: Maeve Brennan Goes Mad in New York
Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal – an Dara Babhta, 2016: Iarratasóirí ar éirigh leo
Ceiliúradh lá breithe do artsandhealth.ie
Karan Casey ceaptha ina hEalaíontóir Traidisiúnta Cónaithe 2016-17 i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh
EALAÍN: 2016: Clár na Comhairle Ealaíon mar chuid d’Éire 2016
Deontais agus Dámhachtainí
Osclaíonn Ciste Gníomhaíochta Cláir DÓLO an 1 Samhain 2016
Nuacht ón bPobal
Glaoch ar cheoltóirí
Deis fostaíochta do Stiúrthóir ar Ionad Ealaíon an Droichid
IN CONTEXT 4 - IN OUR TIME: Gairm oscailte ar Chlár Nua Coimisiún
Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon – Dámhachtain Sparánachta 2016: Scannánaíocht Chomhoibríoch
Karan Casey ceaptha ina hEalaíontóir Traidisiúnta Cónaithe 2016-17 i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh

Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon, i gcomhar le Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta (UCC), agus leis an Scoil Ceoil agus Amharclannaíochta (UCC), ceapachán Karan Casey, amhránaí agus taibheoir a bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi, mar Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe 2016-17 i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Cuirfidh Casey sraith ceolchoirmeacha, ceardlann agus seimineár i láthair i rith a cónaitheachta bliana, ag tosú ar an 1 Deireadh Fómhair.

 

Is amhránaí í Karan Casey a bhfuil clú idirnáisiúnta uirthi agus a bhfuil cúig bliana is fiche caite aici ag amhránaíocht. Tá taisteal forleathan déanta aici agus tá sí le cloisteáil ar bhreis is 50 albam mar amhránaí aonair agus i gcomhpháirt le grúpaí agus ensembles eile. As Port Láirge di ó dhúchas, agus thosaigh Karan ag canadh ag aois an-óg laistigh dá teaghlach agus le cóir áitiúla. Rinne sí staidéar ar an gceol in UCD agus ba mhinic í ag canadh amhráin snagcheoil in Georges Bistro, Baile Átha Cliath, roimh di dul ar imirce go Meiriceá go luath sna 1990idí áit a ndearna sí staidéar ar an snagcheoil ag Ollscoil Long Island.  Ba i Nua-Eabhrac a chuaigh sí ar maos i saol mór an cheoil thraidisiúnta agus a thosaigh sí ar amhráin thraidisiúnta na hÉireann a chanadh in athuair. Chuaigh sí isteach i Solas, banna ceoil a tháinig chun cinn go tapa mar an banna ceoil Éireannach is mó cáil sna Stáit Aontaithe.


Ó thosaigh sí ar a gairm mar amhránaí aonair, tá sé cinn d’albaim aonair curtha amach aici mar aon le halbam do leanaí agus albam in éineacht le John Doyle, agus tá sí tar éis cur le tograí go leor ealaíontóirí eile.  Bíonn sí de shíor ar camchuairt ar fud Mheiriceá Thuaidh, na hEorpa agus na Seapáine, ag ceol lena banna ceoil féin agus ag comhoibriú le ceoltóirí éagsúla amhail James Taylor, Bela Fleck, Boston Pops Orchestra, Liam Clancy, The Chieftains, The Dubliners, Peggy Seeger, Mick Flannery, Mícheál Ó Súilleabháin, Tim O’Brien, agus Lúnasa.


Tá gradaim buaite ag Karan as an Albam Ceoil Tíre is Fearr agus mar an tAmhránaí Mná is Fearr sa Cheol Tíre ó Irish Music Magazine, tá ainmniúchán faighte aici do Ghradaim Cheol Tíre BBC agus do ghradaim Grammy na Danmhairge, agus bhí páirt mhór aici in ‘Celtic Solstice’ le Paul Winter a bhain gradam Grammy amach.


Chan Karan in go leor ionaid chlúiteacha lena n-áirítear an Kennedy Centre, Symphony Space i Nua-Eabhrac, Grand Ole Opry in Nashville, an Hollywood Bowl, an Ceoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath, Ard-Eaglais Naomh Eoin i Nua-Eabhrac, an Ceoláras Ríoga i nGlaschú, agus ionaid eile nach iad. Is iomaí uair a bhí sí ar an teilifís agus ar an raidió ar an dá thaobh den Atlantach. Chuir sí clár i láthair ar RTÉ le déanaí inar féachadh ar na hamhráin a bhaineann le Gluaiseacht an Lucht Oibre in Éirinn. 

 

In 2015, chríochnaigh Karan camchuairt ar Éirinn de chuid Music Network in éineacht le Maura O’Connell agus camchuairt ar na Stáit Aontaithe le Lúnasa. Díoladh na ticéid ar fad don dá chamchuairt. Chan Karan leis na Chieftains go luath in 2016 mar chuid de Chomóradh 1916 dá gcuid sa Cheoláras Ríoga i nGlaschú, agus tá sí díreach tar éis camchuairt chomórtha a chríochnú le Solas sna Stáit Aontaithe.

 

Tá deich mbliana caite ag Karan ag bailiú amhrán in éineacht le Frank Harte, amhránaí agus bailitheoir amhrán a bhfuil ardcháil agus ardmheas air. Ba le Frank a fuair Karan tuiscint ar an luach agus ar an lúcháir a bhaineann le taighde a dhéanamh ar amhráin agus le teacht ar amhráin a chuir lena forbairt phearsanta féin mar ealaíontóir. Le trí bliana anuas, tá Karan ag teagasc na hamhránaíochta traidisiúnta in Ollscoil Luimnigh agus tá sí ag comhoibriú le Dámh Chruinne Éireann Rince agus Ceoil.

 

Is í an Scoil Ceoil agus Amharclannaíochta in UCC a óstálfaidh Karan Casey, áit atá ceannródaíoch ó thaobh cheol traidisiúnta na hÉireann le blianta fada. Cuirfidh foireann ceoltóirí traidisiúnta a bhfuil aithne idirnáisiúnta orthu lena n-áirítear Bobby Gardiner, Connie O’Connell, Colm Murphy agus Mary Mitchell-Ingoldsby fáilte mhór roimpi.

 

Email Newsletter Software by Newsweaver