San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Dheireadh Fómhair dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Cuirtear Tradition Now 2019 i láthair sa Cheoláras Náisiúnta i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon, agus beidh taibhithe le Lisa O’Neill, Ye Vagabonds, Sam Amidon, Catherine Ennis, Steve Cooney, Kíla mar chuid den Fhéile seo a bheidh ar siúl ar feadh Sé Lá
Dáta don dialann - Comhdháil na bhFéilte, 2020
Scoileanna Ildánacha Fógraíodh 150 scoil ildánach nua le déanaí
Imeachtaí Náisiúnta Ceiliúrtha na Scoileanna Ildánacha
Tairiscint foilsithe maidir le hÁiteanna Ildánacha Thuama a bhainistiú agus a sholáthar
Post mar Chomhalta Scríbhneoireachta Cruthaithí ag Ollscoil Luimnigh in 2020
Deontais agus Dámhachtainí
Scéim Infheistíochta na bhFéilte, 2020 – Babhta 2
Dámhachtainí Taistil agus Oiliúna d’Fhéilte in 2019
Nuacht ón bPobal
Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Damhsa Éireann
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Imeacht líonraithe saor in aisce de chuid na hEorpa Cruthaithí le linn Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath
Music Moves Europe: Glaoch ar Iarratais
Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh 2020 - Éisteachtaí in ÉIRINN!
Cuirtear Tradition Now 2019 i láthair sa Cheoláras Náisiúnta i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon, agus beidh taibhithe le Lisa O’Neill, Ye Vagabonds, Sam Amidon, Catherine Ennis, Steve Cooney, Kíla mar chuid den Fhéile seo a bheidh ar siúl ar feadh Sé Lá

Breathnófar ar éabhlóid an cheoil thraidisiúnta mar chuid de Tradition Now, sraith ceoil thraidisiúnta an Cheolárais Náisiúnta agus cruthófar ardán do cheoltóirí ceannródaíocha léi chomh maith. Ar chlár shraith na bliana seo tá taibhithe ó ealaíontóirí Éireannacha agus Idirnáisiúnta amhail an t-amhránaí is cumadóir amhrán Lisa O’Neill, na ceoltóirí Catherine Ennis, Steve Cooney, Sam Amidon agus clár a ceapadh go speisialta do leanaí agus do dhaoine óga ar a bhfuil Kíla agus Ceol Connected agus a bheidh ar siúl idir an 1 agus an 6 Deireadh Fómhair. 

 

Beidh dhá imeacht ar siúl ar an bpríomhardán mar chuid de chlár 2019 ar Dé Sathairn, 5 Deireadh Fómhair agus Dé Domhnaigh, 6 Deireadh Fómhair.

 

Bhí ardstiúrthóir Rough Trade, Geoff Travis, ina cheannródaí i gcónaí, thuar sé fás ropánta i suim sa seánra nuair a bhunaigh sé River Lea, lipéad ceoil a chuimsíonn ceol traidisiúnta agus tíre. Coimeádann sé oíche speisialta mar chuid de Tradition Now, oíche ina gcasfaidh ealaíontóirí de chuid River Lea ar an 5 Deireadh Fómhair; áirítear leis na healaíontóirí sin an t-ainmní do Ghradam Ceol Tíre BBC Radio Lisa O’Neill; na deartháireacha Brían agus Diarmuid Mac Gloinn, is iad sin baill Ye Vagabonds, a bhfuil foinsí traidisiúnta Éireannacha agus Apaláiseach mar inspioráid dá bhfonnadóireacht armónach tíre; agus buaiteoir Ghradam Ceol Tíre BBC Radio 2 do Cheoltóir Óg, an píobaire ón Eilean Sgitheanach Brìghde Chaimbeul.

 

Filleann Sam Amidon ar an gCeoláras Náisiúnta ar an 6 Deireadh Fómhair freisin agus cuirfear na múrtha fáilte roimhe. Le linn a ghairme iontaí, bhí Amidon mar aoi ar neart albam a chruthaigh ceoltóirí mór le rá amhail The National, Glen Hansard, Olof Arnalds agus The Blind Boys of Alabama. Is giotáraí cumasach é, agus chuaigh sé ar camchuairt mar cheoltóir aonair le Ceolfhoireann Aireagail na hAstráile in 2017. Cuirfidh sé clár dá cheol féin i láthair le foireann ceoltóirí seiftithe ag meascadh an cheoil thraidisiúnta agus snagcheoil sa taibhiú seo mar chuid de Tradition Now.

Is éard atá sa dara cuid den eagrán dúbailte comóradh ceoil ar streachailt ar son cearta sibhialta in Éirinn agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá – Sounds Like Freedom. Casfaidh an ceoltóir consairtín iomráiteach Niall Vallely leis an tríréad snagcheoil Meiriceánach iontach Harriet Tubman, tríréad a d’oibrigh le ceoltóirí iomráiteacha amhail Living Colour, Lou Reed, Herbie Hancock, Sting, Arrested Development agus Henry Rollins. Beidh an ceoltóir Karan Casey, an cláirseoir Úna Monaghan agus an fidléir Aidan O’Rourke ann ina dteannta ar an oíche.

 

Cuirfidh an cláirseoir a bhain gradam Liam O’Flynn amach, Úna Monaghan, ceolchoirm dá cuid píosaí cumtha ar fáil don chláirseach agus do leictreonaic mar chuid den tsraith ar an 1 Deireadh Fómhair, seinnfidh iarbhall Stockton’s Wing, Steve Cooney, leis an bhfliúiteadóir agus an píobaire uilleann Barry Kerr ar an 2 Deireadh Fómhair agus beidh an meascadh neamhghnách den chláirseach Éireannach agus an Phíb Uilleann le cloisteáil ar an bpríomhardán nuair a chuirfidh Laoise Kelly agus Tiarnan Ó Duinnchinn rogha eicléictiúil d’fhoinn stairiúla ó cheantair éagsúla in Éirinn i láthair ar an 4 Deireadh Fómhair.

 

I dtaibhiú an-speisialta i Séipéal Pepper Canister ar an 3 Deireadh Fómhair, casfaidh an fidléir Paddy Glackin ón mbanna ceoil Bothy Band leis an orgánaí Catherine Ennis (iníon Shéamuis, a bhfuil comóradh ar a bhreith céad bliain ó shin á dhéanamh againn i mbliana) agus an píobaire agus an dordveidhleadóir Neil Martin i gcomhair léiriú speisialta d’fhoinn thraidisiúnta agus saothair nua-chumtha.

 

 

TRADITION NOW

Dé Máirt, 1 Deireadh Fómhair, 8.30 pm, An Stiúideo

ÚNA MONAGHAN

Cuireann an cumadóir, an cláirseoir agus an t-innealtóir fuaime, a bhain gradam Liam O’Flynn amach, ceolchoirm dá cuid píosaí cumtha ar fáil don chláirseach agus do leictreonaic.

 

Dé Céadaoin, 2 Deireadh Fómhair 8.30 pm, An Stiúideo

Barry Kerr agus Steve Cooney

Fiosrú nuálach ar shaothair an fhliúiteadóra, an phíobaire uilleann, an cumadóra amhrán agus an phéintéara, Barry Kerr, i gcomhar leis an ngiotáraí Steve Cooney.

 

Déardaoin, 3 Deireadh Fómhair 8 pm, Séipéal Pepper Canister

Catherine Ennis, Paddy Glackin agus Neil Martin

Cuireann an píobaire uilleann agus an t-orgánaí Catherine Ennis, an fidléir Paddy Glackin agus Neil Martin (cumadóir, cóiritheoir, dordveidhleadóir) stór éagsúil i láthair de chóirithe traidisiúnta a ceapadh go speisialta agus píosaí ceoil nua-chumtha.

 

Dé hAoine, 4 Deireadh Fómhair, 8.30 pm, An Stiúideo

Laoise Kelly agus Tiarnán Ó Duinnchinn

Cuireann an cláirseoir Laoise Kelly agus an píobaire uilleann Tiarnán Ó Duinnchinn rogha amhrán i láthair atá bunaithe ar lámhscríbhinní ón 17-19ú haois ó cheantair dhifriúla in Éirinn.

 

Dé Sathairn, 5 Deireadh Fómhair 12 pm, An Stiúideo

Bí leis an mbanna ceoil is nuálaí ó Éirinn, Kíla, i gcomhair ceolchoirm teaghlaigh idirghníomhach le ceol ón mbeochan iomráiteach Amhrán na Mara.

 

Dé Sathairn, 5 Deireadh Fómhair, 8 pm, An Príomhardán

Lisa O’Neill, Ye Vagabonds agus Brìghde Chaimbeul

Glacfaidh an t-amhránaí is cumadóir amhrán Lisa O’Neill, an dísreach armónach tíre Ye Vagabonds agus an píobaire Brìghde Chaimbeul páirt in oíche cheoil a choimeádfaidh Geoff Travis chun comóradh a dhéanamh ar a lipéad ceoil, River Lea.

 

6 Deireadh Fómhair, 12 pm & 2 pm, An Stiúideo

Ceol Connected - TREEHOUSE

Agus iad fréamhaithe i gceol traidisiúnta na hÉireann, is taibhiú ceoil agus puipéadóireachta uathúil é TREEHOUSE atá dírithe ar theaghlaigh, agus níl aon dabht ach go gcuirfidh sé gach duine ag canadh.

 

6 Deireadh Fómhair, 8 pm, An Príomhardán

Ensemble leathnaithe Sam Amidon agus Sounds Like Freedom

Stiúrann an t-ealaíontóir tíre Sam Amidon ensemble de na ceoltóirí snagcheoil is fearr agus ceoltóirí seiftithe i gcomhair taibhiú thar a bheith speisialta ina measctar an ceol traidisiúnta le snagcheol. Cuirfidh an ceoltóir consairtín Niall Vallely a thionscadal dar teideal Sounds Like Freedom i láthair, ina gcumasctar cumhacht pholaitiúil an tsnagcheoil ó Harriet Tubman le fuaimeanna traidisiúnta.

 

https://www.nch.ie/Online/article/Whats-On-Tradition-Now-19

 

Ticéid ar díol ó €15

Tairiscint Speisialta: Ceannaigh dhá thicéad do cheolchoirmeacha a bheidh ar siúl ar an bPríomhardán mar chuid de Tradition Now 2019 agus gheobhaidh tú lascaine 5%

nch.ie 01 417 0000

 

Cuirtear Tradition Now i láthair i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon agus tá tacaíocht á fáil ó The Irish Times mar Chomhpháirtí na Meán Clóite agus ó Davy mar Comhpháirtí Nuálaíochta.