Beidh cúig ghearrscéal á léamh ag cúigear scríbhneoirí, agus freagairtí ceoil ó Camille O'Sullivan agus ó Feargal Murray ag gabháil leo. Agus iad ag dul go bun an angair, cuirfidh na scríbhneoirí draíocht ort le linn Oíche Fhada an Ghearrscéil. Beidh an t-imeacht faoi choimeád ag Anne Enright agus glacfaidh na scríbhneoirí Colin Barrett, Kevin Barry, Claire-Louise Bennett, Mary Costello agus Anne Enright páirt ann.
Is í Anne Enright an chéad Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach agus bhronn an Chomhairle Ealaíon an onóir uirthi go luath sa bhliain 2015. Cuirfidh an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach litríocht Éireannach chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus spreagfaidh sí an pobal suim a chur i bhficsean Éireannach d’ardchaighdeán. Rinne an Chomhairle Ealaíon forbairt ar an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach agus tá tacaíocht á fáil ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), ó Ollscoil Nua-Eabhrac (NYU) agus ó The Irish Times.
Ionad: Eaglais Choláisteach San Nioclás, Gaillimh
Dáta: Dé Domhnaigh, an 26 Iúil
Am: 7 p.m. (mairfidh an t-imeacht thart ar 3 huaire, le sos san áireamh)
Ticéid: Tá cead isteach saor in aisce, ach is gá ticéid a chur in áirithe roimh ré.
Cuirfear áiseanna lena ndéantar téacs d’urlabhra ar fáil do dhaoine sa lucht féachana atá bodhar nó a bhfuil moill éisteachta orthu. Is gá an áis sin a chur in áirithe roimh Dé Céadaoin, an 22 Iúil
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ag www.giaf.ie/longnight
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil faoin Laureate ag www.artscouncil.ie/laureate
Amharc ar Enda Kenny ag fógairt gurb í Anne Enright an chéad Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach agus ar an óráid a thug sí ag an mbronnadh anseo: http://www.artscouncil.ie/laureate/interviews/