Dámhachtain Chómhaoinithe 2021 – Tionscadail Chomhoibrithe na hEorpa Cruthaithí
 |
Is é príomh-chuspóir na dámhachtana a chur ar chumas eagraíochtaí in Éirinn a bhain maoiniú amach i gcomhair gníomhaíochtaí ealaíonta faoi shnáithe na dTionscadal Comhoibrithe d’Fhochlár Cultúir na hEorpa Cruthaithí 2014-2020, iarratas a dhéanamh ar chómhaoiniú. Breithneofar maoiniú chun tacú leis na gnéithe sin de ghníomhaíochtaí ealaíon in Éirinn atá i gcomhréir le cuspóirí agus tosaíochtaí na dámhachtana seo.
Níl an dámhachtain seo oscailte ach amháin d’eagraíochtaí ealaíon in Éirinn a fuair tairiscint ar mhaoiniú, mar Chomhordaitheoir Ceannaireachta nó mar Chomhpháirtí, faoi shnáithe na dTionscadal Comhoibrithe d’Fhochlár Cultúir na hEorpa Cruthaithí in 2020. Ní mór iarratais ar an Dámhachtain Chómhaoinithe a dhéanamh sa bhliain fhéilire chéanna a bhfaightear tairiscint ar mhaoiniú ón EACEA.
Tá na treoirlínte agus sonraí faoin bpróiseas iarratais ar fáil sa rannán faoi mhaoiniú atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon. Tabhair faoi deara: Ní ghlacfar le hiarratais ach ar an suíomh gréasáin seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Moltar d’iarratasóirí nua cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh.
Reáchtálfar seimineár gréasáin faisnéise d’iarrthóirí Déardaoin an 19 Samhain 2020 ag 11am. Féadfaidh iarrthóirí clárú trí ríomhphost a sheoladh chuig audrey.keane@artscouncil.ie
 |
|