An Chomhairle Ealaíon: ‘Straitéis nua do na healaíona in 2015’
Ag a cruinniú iomlánach i mí na Samhna, d’aontaigh an Chomhairle Ealaíon próiseas chun a straitéis nua do na healaíona in 2015 a fhorbairt. Tharla sé seo tar éis Inspiring Prospects, athbhreithniú straitéiseach na Comhairle Ealaíon, a fhoilsiú agus a cuireadh faoi bhráid an chruinnithe iomlánaigh i mí an Mheithimh. Dúirt an Chomhairle go dtosódh sí ar an bpróiseas sin sna seachtainí amach romhainn. Chomh maith leis sin ag cruinniú iomlánach mhí na Samhna, agus mar fhreagra ar aiseolas ó ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon mar aon le roinnt tograí in Inspiring Prospects, chinn an Chomhairle Ealaíon creat maoiniúcháin agus córas measúnachta nua a fhorbairt do 2016/17, arna nascadh leis an straitéis nua. Tá sé i gceist go mbeadh an córas nua níos trédhearcaí, agus tá sé dírithe ar thorthaí níor fearr a bhaint amach do thionscnaimh mhaoiniúcháin agus forbartha na Comhairle Ealaíon.
|