Tá Kids’ Own ar thús cadhnaíochta maidir leis an bhforbairt ar thionscnamh náisiúnta úrnua – Tairseach na nEalaíon san Oideachas – i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tá an tairseach á forbairt mar chuid de chur i bhfeidhm na cairte, An Chairt um na hEalaíona san Oideachas, a sheol an dá Roinn go luath in 2013.
Beidh Tairseach na nEalaíon san Oideachas ina hacmhainn náisiúnta dhigiteach nua maidir le cleachtas ealaíon agus oideachais do mhúinteoirí, d’ealaíontóirí agus d’aon duine atá ag plé leis na healaíona san oideachas. Spás ar leith a bheidh inti ina mbeifear ábalta dea-chleachtas, taighde, acmhainní agus cás-staidéir spreagthacha a roinnt agus a fháil ar líne.
Tá Kids’ Own ag eagrú seisiúin chomhairliúcháin ar fud na tíre i gcomhar leis an ATECI (Cumann Ionaid Mhúinteoirí/Oideachais in Éirinn), trína n-iarraimid ort insint dúinn faoi d’fhís do thairseach na n-ealaíon san oideachas. Tá sé mar aidhm ag an acmhainn seo tacaíocht a thabhairt duit i do chleachtas sa todhchaí, agus tá deis agat anois insint dúinn faoin gcineál tacaíochta a chabhródh leat nó faoi na gnéithe agus na feidhmeanna a d’fhéadfadh tacú leat i do chuid oibre.
An chaoi le páirt a ghlacadh...
Tar chuig ceann de na seisiúin chomhairliúcháin tráthnóna – a reáchtálfar i gcomhar leis an ATECI – sna hIonaid Oideachais seo a leanas:
Ionad Oideachais Tacaíochta Chorcaí Dé Luain, an 3 Samhain, 7.00-9.00pm
office@cesc.ie / 021 425 560
Ionad Oideachais Bhaile Átha Luain Dé Máirt, an 4 Samhain, 7.00-9.00pm
info@athloneeducationcentre.ie / 090 642 04 00
Ionad Oideachais Chill Dara Dé Céadaoin, an 5 Samhain, 7.00-9.00pm
office@eckildare.ie / 0455 302 00
Ionad Oideachais na Carraige Duibhe Dé Máirt, an 11 Samhain, 7.30-9.30pm
bec@blackrockec.ie / 012 365 000
Ionad Oideachais Chill Chainnigh Dé Céadaoin, an 12 Samhain, 7.00-9.00pm
kecsec@eircom.net / 056 776 02 00
Ionad Oideachais Mhuineacháin Déardaoin, an 13 Samhain, 7.00-9.00pm
info@metc.ie / 047 740 10
Is féidir áiteanna a chur in áirithe trí na hIonaid Oideachais. Beidh sólaistí ar fáil.
Déan teagmháil le Orla Kenny nó le Jo Holmwood ag Kids’ Own le haghaidh tuilleadh faisnéise: info@kidsown.ie nó 07191-24945