1. Spriocdháta na nDámhachtainí Sparánachta - 5.30 i.n, Déardaoin, an 20 Eanáir 2011
An chéad spriocdháta eile do na Dámhachtainí Sparánachta - 5.30 i.n, Déardaoin, an 20 Eanáir 2011
Léigh tuilleadh
2. An spriocdháta don Dámhachtain Ailtireachta Kevin Kieran: 5.30 i.n. Déardaoin an 9 Nollaig 2010
Is é an spriocdháta don Dámhachtain Ailtireachta Kevin Kieran ná 5:30 i.n., Déardaoin, an 9 Nollaig 2010.
Léigh tuilleadh
3. Foilsíonn Arts Audiences tuarascáil na bliana 2010 bunaithe ar an Target Group Index
Tá Arts Audiences tar éis an tuarascáil is déanaí a fhoilsiú faoin lucht éisteachta/féachana a bunaíodh ar an Target Group Index (Innéacs Grúpaí Sprice).
Léigh tuilleadh
4. Shift in Perspective - Pacáiste Acmhainní Ealaíon agus Míchumais
Seolfar pacáiste acmhainní ealaíon agus míchumais dar teideal Shift in Perspective an mhí seo chugainn.
Léigh tuilleadh
5. Cinntí: Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair - 2011 (Sraith 2)
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon cinntí a fhógairt maidir le babhta na bliana 2011 dá Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair (Sraith 2), a dearadh chun tacaíocht a thabhairt do chamchuairteanna agus scaipeadh saothair breise thar raon leathan disciplíní ealaíon.
Léigh tuilleadh
6. Cinntí: Scéim Rannpháirtíochta san Ailtireacht
Fógraítear faighteoirí na Scéime Rannpháirtíochta san Ailtireacht. Seo scéim nua, a sheol an Chomhairle Ealaíon i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, a bhfuil sé d’aidhm aici rannpháirtíocht an phobail san ailtireacht a chur chun cinn.
Léigh tuilleadh
7. Cinntí: Scéim Spásanna Oibre na bhFísealaíontóirí 2011
Foilsíonn an Chomhairle Ealaíon na faighteoirí faoi Scéim Spás Oibre na bhFísealaíontóirí, scéim nua a tugadh isteach a bhfuil sé d’aidhm aici tacú le stiúideonna grúpaí ar fud na tíre an timpeallacht is fearr is féidir a chur ar fáil i gcomhair físealaíontóirí atá ag obair.
Léigh tuilleadh
8. An Dámhachtain Sparánachta Ealaíon agus Daoine Breacaosta (Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal)
Faigheann Ríonach Ní Néill an chéad Dámhachtain Sparánachta faoi Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon, atá á bainistiú ag Create.
Léigh tuilleadh
9. Nuacht ó phobal na n-ealaíon
I measc na nuachta ón bpobal ealaíon i mí na Samhna tá faisnéis faoi sheimineár agus cheardlann um fhorbairt ghairmiúil d’ealaíontóirí agus do ghairmithe sláinte; acmhainn fhairsing nua ar líne dar teideal Source ó Na Píobairí Uileann agus tá oifig ealaíon Chomhairle Contae Laoise ag cur fáilte roimh iarratais ar dhámhachtainí stiúideo ag Arthouse Stradbally, spás stiúideo nua a osclófar i Márta 2011.
Léigh tuilleadh
10. Nuacht idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha
I measc na nuachta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha i mí na Samhna tá an méid seo a leanas: glao ar fhaisnéis ó Phointe Teagmhála Cultúrtha na hÉireann maidir le gníomhaíocht ar bith atá beartaithe i gcomhair na bliana 2011 a bhfuil raon idirnáisiúnta aici; fógra faoi fhaighteoirí Dhuais an AE don Litríocht; faisnéis maidir leis an tríú Comhdháil ‘Culture in Motion’; foilsiú ar líne na n-aighneachtaí maidir leis an bPáipéar Uaine Unlocking the potential of cultural and creative industries; sonraí faoi ról na dtionscal cultúrtha agus cruthaitheacha a aithint i straitéis na hEorpa 2010; meabhrúchán faoin bpróiseas comhairliúcháin phoiblí maidir leis an gcéad Chlár Cultúir eile agus glao ar thograí maidir le heagraíochtaí ag obair le tíortha chomhpháirtíocht an Oirthir.
Léigh tuilleadh
|
|