San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go hEagrán mhí Dheireadh Fómhair dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Clár In the Open / Faoin Spéir mhí Dheireadh Fómhair
Comhdháil ‘Tá Tábhacht le hÁiteanna’ 2022 | Ag infheistiú go cruthaitheach i ndaoine agus in áiteanna
Deontais agus Dámhachtainí
Gairm ar iarratais ar phoist mar Scríbhneoir Cónaithe in ollscoileanna na hÉireann in 2022
Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2022: Babhta 2
EALAÍONTÓIR SCANNÁN CÓNAITHE in UCC in 2022 - Gairm ar iarratais
Scéim Phíolótach um Chleachtas Amaitéarach agus Deonach – Babhta 2
Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe
Nuacht ón bPobal
COMHALTACHT MÚSAEIM IDIR ÉIRE ILDÁNACH AGUS FULBRIGHT: EXPLORATORIUM
COMHALTACHT GHAIRMIÚIL IDIR FULBRIGHT AGUS ÉIRE ILDÁNACH
Scoileanna Ildánacha
Tá 188 scoil agus ionad Ógtheagmhála breise trasna na tíre ag glacadh páirt i Scoileanna Ildánacha 2021
Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2022: Babhta 2

Tá an dara ceann de dhá bhabhta de Scéim Infheistíochta na bhFéilte (FIS) le haghaidh féilte a bheidh ar siúl idir mí Iúil agus mí na Nollag, 2022, fógartha ag an gComhairle Ealaíon.

Is é ról na Comhairle Ealaíon tacú le féilte ilghnéitheacha agus éagsúla agus chun slabhra tacaíochtaí maoinithe a chur ar fáil a spreagann: samhailtí a bhfuil suntasacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leo agus an cleachtas is fearr, samhailtí a mhéadaíonn deiseanna do rannpháirtíocht an phobail nó a fhorbraíonn saothar ealaíontóra/foirm ealaíne, cláir féile atá ag obair leis an bpobal áitiúil, agus ábhartha dó.

Is é cuspóir Scéim Infheistíochta na bhFéilte tacaíocht a chur ar fáil d’fhéilte beaga chun a ngníomhaíocht féile a sheachadadh. Tá an Scéim ar oscailt d’fhéilte ildisciplíneacha agus d’fhéilte foirm ealaíne aonair.  

Tabhair faoi deara

  • NACH dtabharfar tosaíocht ó thaobh maoinithe de d’imeachtaí nasctha, amhail ceolchoirmeacha rathúla nó imeachtaí litríochta míosúla
  • Gur cheart duit a chinntiú, agus d’iarratas á ullmhú, go bhfuil sé bunaithe ar an treoir sláinte poiblí is déanaí atá ar fáil.
  • Go bhfuil sé riachtanach pleananna teagmhasacha i dtaobh ullmhú féile an iarratasóra a chur ar fáil le gach iarratas.

Tá trí bhanda maoinithe ar fáil:

  • Banda A: Suas le €7,000  
  • Banda B: Idir €7,001 agus €20,000
  • Banda C Idir €20,001 agus €35,000

Is féidir le heagraíochtaí a chuireann féilte chun cinn a bhfuil aidhm shoiléir ealaíonta acu, agus a bheidh ar siúl idir mí Iúil agus mí na Nollag, 2022, cur isteach ar Bhabhta 2 de Scéim Infheistíochta na bhFéilte.

D’fhéadfaí iarratais a chur isteach ó:                      An 19 Deireadh Fómhair, 2021

Spriocdháta d’iarratais:                                            An 18 Samhain, 2021 ar 5.30pm (am na hÉireann)

Dáta a dhéanfar na torthaí a fhógairt:                    Feabhra 2022

 

Is scéim iomaíoch neamh-athfhillteach í Scéim Infheistíochta na bhFéilte.

Ní mór gach iarratas a dhéanamh trí shuíomh Sheirbhísí ar Líne na Comhairle Ealaíon anseo.

 

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an Rannán Ceisteanna Coitianta FIS anseo

nó téigh i dteagmháil le Foireann Fhéilte na Comhairle Ealaíon ag:

Regina O’Shea: regina.oshea@artscouncil.ie, 01 6180260

Adrian Colwell: adrian.colwell@artscouncil.ie, 01 6180284