San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí an Mheithimh dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Dámhachtain Sparánachta don Rannpháirtíocht sna hEalaíona – Clinic Faisnéise an 14 Meitheamh 2016 ag Create
Is mian leis an gComhairle Ealaíon agus Coláiste na hOllscoile Corcaigh Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe a cheapadh do thréimhse 2016/17
EALAÍN: 2016: Clár na Comhairle Ealaíon mar chuid d’Éire 2016
Aer Lingus chun Clár Faisnéise Cloudlands a thaispeáint
Meabhrúchán:Spriocdháta na Scéime Rannpháirtíochta san Ailtireacht - 5:30i.n., Déardaoin, an 9 Meitheamh 2016
Nuacht ón bPobal
Belltable and Fishamble: Gairm Oscailte ar Iarratais do Chlár Meantóireachta do Dhrámadóirí agus Stiúrthóirí
Is mian leis an gComhairle Ealaíon agus Coláiste na hOllscoile Corcaigh Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe a cheapadh do thréimhse 2016/17

Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe

Dáta Deireanach le haghaidh Iarratas: 29 Iúil 2016 Scoil: An Scoil Ceoil agus Amharclannaíochta Conradh: Téarma Seasta Páirtaimseartha.

 

01 Deireadh Fómhair 2016 - 30 Meán Fómhair 2017

 

Táthar ag lorg iarratas ó shárealaíontóirí clúiteacha (ceoltóirí, amhránaithe, rinceoirí) a bhfuil an-teist orthu don fholúntas thuasluaite arna chomh-mhaoiniú ag Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta (COC) agus ag an gComhairle Ealaíon. Ó Dheireadh Fómhair 2016 go dtí Meán Fómhair 2017 an tréimhse atá i gceist.

 

Beidh an té a cheapfar mar chomhairleoir agus mar mheantóir d’ealaíontóirí traidisiúnta nua i bpobal COC agus cuirfidh sé/sí sé huaire a' chloig teagmhála ar fáil gach seachtain le ceardlanna, seimeanáir agus seisiúin chomhairleoireachta i rith théarmaí na hollscoile. Seinnfidh an té a cheapfar ag dhá cheolchoirm phoiblí agus beidh baint aige/aici le comhthionscadal idir an fhoireann agus na mic léinn a chuirfidh ábhar ealaíonta bunaidh os comhair an tsaoil mhóir. I rith laethanta saoire na hollscoile beidh an té a cheapfar in ann a c(h)uid tionscadal féin a chur i gcrích gan aon chur isteach.

Conas iarratas a dhéanamh:

Ba cheart iarratais a sheoladh mar cheangaltán le ríomhphost roimh an 29 Iúil 2016. Iarrtar ar iarrthóirí litir iarratais maille le C.V. a chur isteach in a bhfuil sonraí a bhaineann le hábhar, mar shampla ceolchoirmeacha, foilseacháin (CDanna, DVDanna, srl. san áireamh) agus gradaim go dtí an Mary Mitchell-Ingoldsby, An Scoil Ceoil agus Amharclannaíochta, COC nó mmitchell@music.ucc.ie.   

 

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Mary Mitchell-Ingoldsby má tá tuilleadh eolais uait ar shonraí, ar chúrsaí airgeadais nó má theastaíonn uait fiosrúcháin neamhfhoirmiúla a dhéanamh.

Email Software by Newsweaver