Má tá an comhionannas tábhachtach duit, d’fhéadfadh sé go n-oirfeadh an post nua, iontach seo sa Chomhairle Ealaíon duit. Ba mhaith linn Ceann Comhionannais, Éagsúlachta gus Ionchuimsithe (EDI) a earcú le bheith i gceannas ar ár mbeartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht a chur i gcrích agus a fhorbairt . Tugann an Chomhairle Ealaíon tosaíocht chorparáideach don bheartas sin a seoladh in 2019 agus táimid meáite air go mbeidh sé mar chuid de gach rud a dhéanaimid.
Táimid ar thóir bainisteoir díograiseach ag a bhfuil an taithí chuí agus a chomhlíonann na critéir seo a leanas: duine a bhfuil sé léirithe aige gur féidir leis athrú intomhaiste a dhéanamh, duine ag a bhfuil an saineolas chun comhairle a chur ar chomhghleacaithe ar gach leibhéal maidir le cúrsaí ábhartha a bhaineann le EDI, duine a bhfuil scileanna ceannaireachta aige chun earnáil níos leithne na n-ealaíon a threorú mar chuid de chlár uaillmhianach athraithe. Beidh an-tuiscint ag an duine ar na baic atá ann ar an rannpháirtíocht sna healaíona, beidh sé an-cháiréiseach maidir le cúrsaí cultúrtha agus tiomanta do thimpeallacht ionchuimsitheach agus tacúil inar féidir le gach duine a bheith go hiomlán rannpháirteach.
Is é an spriocdháta d’iarratais 12.00 meán lae 31 Dé Luain, 26 Aibreán 2021.
Tá eolas breise le fáil sa dá dhoiciméad thíos:
Táimid tiomanta don ionchuimsiú, don éagsúlacht agus don chomhionannas a chur chun cinn agus a mhéadú agus cuirfimid fáilte roimh iarratais ó gach cuid den phobal a chomhlíonann critéir an phoist, beag beann ar aois, aicme, míchumas, eitneacht, stádas teaghlaigh nó sibhialta, inscne, cine, creideamh, gnéaschlaonadh. Táimid ag tnúth le d'iarratas a fháil.