San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán na Meitheamh dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Comhairleoir Féilte agus Imeachtaí don Chomhairle Ealaíon: Glaoch ar Thairiscintí
ilDÁNA 2021 / 2022
Taispeántais ina gcuirfear Bailiúchán na Comhairle Ealaíon ar taispeáint agus a bheidh ar siúl i Samhradh 2021
Deontais agus Dámhachtainí
Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2022 Babhta 1
Dámhachtain Lúfaireachta 2021, Babhta 2
Nuacht ón bPobal
Stiúrthóir Ealaíne / Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Féile Ealaíon Cheatharlach, Éire
Stiúrthóir Bainistíochta á lorg ag Irish Aerial Creation Centre
Stiúrthóir Feidhmiúcháin á lorg ag Féile Cheoldrámaíochta Loch Garman
Scoileanna Ildánacha
Scoileanna Ildánacha/Creative Schools 2021
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Imeacht Eolais i-Portunus Houses
An Eoraip Chruthaitheach 2021 – 2027: Spotsolas ar Oidhreacht Chultúrtha
An Eoraip Chruthaitheach_Béim ar Ailtireacht
Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2022 Babhta 1

Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an chéad cheann de dhá bhabhta de Scéim Infheistíochta na bhFéilte (FIS) le haghaidh féilte a bheidh ar siúl idir Eanáir agus Meitheamh 2022.

Is é ról na Comhairle Ealaíon tacú le féilte ilghnéitheacha agus éagsúla agus chun slabhra tacaíochtaí maoinithe a chur ar fáil a spreagann: samhailtí a bhfuil suntasacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leo agus an cleachtas is fearr, samhailtí a mhéadaíonn deiseanna do rannpháirtíocht an phobail nó a fhorbraíonn saothar ealaíontóra/foirm ealaíne, cláir féile atá ag obair leis an bpobal áitiúil, agus ábhartha dó.

Is é cuspóir Scéim Infheistíochta na bhFéilte an tacaíocht chuí a thabhairt d'fhéilte le go mbeidh siad in ann eispéiris ealaíon den scoth a chur ar fáil do lucht féachana, cur le forbairt na gcleachtas foirme ealaíne, dul i bhfeidhm ar an lucht féachana ar bhealach cruthaitheach agus samhlaíoch, agus deiseanna um rannpháirtíocht an phobail a mhéadú trí himeachtaí a bhféilte. Tá an Scéim ar oscailt d’fhéilte ildisciplíneacha agus d’fhéilte foirm ealaíne aonair.  

Tabhair faoi deara

  • NACH dtabharfar tosaíocht ó thaobh maoinithe de d’imeachtaí nasctha, amhail ceolchoirmeacha rathúla nó imeachtaí litríochta míosúla.
  • Gur cheart do gach iarratas plean teagmhais Covid a ullmhú agus gur cheart a chinntiú go bhfuil sé bunaithe ar an treoir sláinte poiblí is déanaí atá ar fáil agus d’iarratas á ullmhú
  • Go bhfuil sé riachtanach pleananna teagmhasacha i dtaobh ullmhú féile an iarratasóra a chur ar fáil le gach iarratas.

Tá trí bhanda maoinithe ar fáil:

  • Banda A: Suas le €7,000  
  • Banda B: Idir €7,001 agus €20,000
  • Banda C Idir €20,001 agus €35,000

Is féidir le heagraíochtaí a chuireann féilte a bhfuil aidhm ealaíonta ar leith acu chun cinn agus a bheidh ar siúl idir Eanáir agus Meitheamh 2022 cur isteach ar Bhabhta 1 de Scéim Infheistíochta na bhFéilte.

Iarratais á ghlacadh ó:                 22 Meitheamh 2021

Spriocdháta d’iarratais:                             22 Iúil 2021 ag 5.30pm

 

Is scéim iomaíoch í Scéim Infheistíochta na bhFéilte a thugann tacaíocht mhaoinithe chun féilte a reáchtáil ar bhonn neamh-athfhillteach.

Ní mór gach iarratas a dhéanamh trí shuíomh Sheirbhísí ar Líne na Comhairle Ealaíon anseo.

 

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an Rannán Ceisteanna Coitianta FIS anseonó déan teagmháil le foireann na bhféilte sa Chomhairle Ealaíon:

Regina O’Shea: regina.oshea@artscouncil.ie, 01 6180260

Adrian Colwell: adrian.colwell@artscouncil.ie, 01 6180284