San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí an Mheithimh dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Ag teacht go luath: Réamhfhógráin mar a bhíonn ag scannáin do na healaíona ar fad
Deontais agus Dámhachtainí
An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta – 5.30pm, Déardaoin an 16 Iúil 2015
Spriocdháta: An Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair – Eanáir go Meitheamh 2016
Lucht Féachana na nEalaíon Nuacht
Nuacht ó Lucht Féachana na nEalaíon
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir
An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta – 5.30pm, Déardaoin an 16 Iúil 2015

Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, an 16 Meitheamh 2015 ar aghaidh.


Tá an Dámhachtain Sparánachta ar fáil do na cineálacha ealaíne seo a leanas:

  • Litríocht (Gaeilge agus Béarla)
  • Téatar
  • Na hEalaíona Traidisiúnta
  • Na Físealaíona
  • Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas


Tugann an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Sparánachta chun cabhrú le healaíontóirí aonair a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Dírítear leis an dámhachtain ar an luach agus ar an tairbhe a bhaineann ealaíontóir as tréimhse spriocdhírithe i mbun cleachtaidh.


Tá treoirlínte maidir le gach dámhachtain foilsithe sa chuid maoiniú atá ar fáil dár suíomh Gréasáin.


Tabhair faoi deara

Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras sin roimhe seo clárú roimh iarratas a dhéanamh. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh.

 

 

 

Newsletter Marketing Powered by Newsweaver