1. An Chomhairle Ealaíon ag maíomh gur cheart an díolúine ó cháin d'ealaíontóirí a choimeád
Tá sé ráite ag an gComhairle Ealaíon go ndéanfaidh sí cás láidir don Rialtas chun an scéim díolúine ó cháin d'ealaíontóirí a choimeád.
Léigh tuilleadh
2. Comharthaí Beatha: Na hEalaíona agus an tSláinte i gComhthéacs - 14-21 Deireadh Fómhair
Soláthraímid tuilleadh eolais ar Comharthaí Beatha, clár imeachtaí ealaíon agus sláinte a bheidh ar siúl ó 14-21 Deireadh Fómhair. Tugtar cuireadh do shíntiúsóirí féachaint ar chlár iomlán an taispeántais agus clárú le haghaidh na comhdhála Comharthaí Beatha an 15 Deireadh Fómhair.
Léigh tuilleadh
3. Build your Audience: Tionscadal píolótach Lucht Féachana na nEalaíon
Scéim phíolótach nua dar teideal 'Build your Audience' ceaptha ag Lucht Féachana na nEalaíon a sholáthróidh sainteagasc saor in aisce do thrí heagraíocht maidir le margaíocht na n-ealaíon agus forbairt lucht féachana.
Léigh tuilleadh
4. Miondeontas Caipitil um Spás Oibre d’Fhísealaíontóirí
Fáiltíonn an Chomhairle Ealaíon roimh iarratais ar dheontais i dtreo chostas trealaimh agus/nó feabhsúchán ar chaighdeán spásanna oibre ealaíontóirí.
Léigh tuilleadh
5. Cinntí: Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal, an dara babhta 2009
Fáiltíonn an Chomhairle Ealaíon roimh iarratais ar dheontais i dtreo chostas trealaimh agus/nó feabhsúchán ar chaighdeán spáannas oibre ealaíontóirí. Is é an spriocdháta don scéim seo ná Déardaoin, an 5 Samhain ag 5.30 i.n.
Léigh tuilleadh
6. Scéim Reel Art 2009 - sonraí le fógairt an 1 Deireadh Fómhair
Fógrófar sonraí maidir leis an dara scéim Reel Art an Déardaoin, 1 Deireadh Fómhair 2009.
Léigh tuilleadh
7. Meabhrúchán: Spriocdháta i gcomhair Deontas do Chláir Bhliantúla 2010 - 5:30 i.n., Déardaoin, 22 Deireadh Fómhair 2009
Is é an spriocdháta chun iarratais ar Dheontais le haghaidh Clár Bliantúil a fháil ná Déardaoin an 22 Deireadh Fómhair 2009. Is d'eagraíochtaí atá ag lorg maoiniú ón gclár seo le haghaidh gníomhaíochtaí in 2010 é an spriocdháta seo.
Léigh tuilleadh
8. Meabhrúchán: Spriocdháta i gcomhair Dámhachtainí Ealaíon agus Míchumais - 4 i.n., Dé Luain, 2 Samhain 2009
Cuimsíonn na Dámhachtainí Ealaíon agus Míchumais clár uathúil sparánachta le haghaidh ealaíontóirí faoi mhíchumas a bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann agus i bPoblacht na hÉireann atá ag obair i ngach foirm ealaíne. Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de na Dámhachtainí Ealaíon agus Míchumais ná Dé Luain an 2 Samhain 2009.
Léigh tuilleadh
9. Spriocdháta: An Scéim Chaipitiúil Ceoil, Dé Luain 2 Samhain 2009
Is é an spriocdháta don Scéim Chaipitiúil Ceoil ná 5:30 i.n, an 2 Samhain 2009.
Léigh tuilleadh
10. Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon pleananna chun seirbhísí ar líne a fheabhsú in 2010
Tá sé beartaithe ag an gComhairle Ealaíon suíomh gréasáin nua um sheirbhísí ar líne a sheoladh in 2010 a thabharfaidh rochtain leanúnach duit ar sheirbhísí roghnaithe de chuid na Comhairle Ealaíon seacht lá sa tseachtain.
Léigh tuilleadh
11. Faisnéis maidir le grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána don earnáil ealaíon
Soláthraímid eolas ar ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána d'earnáil na n-ealaíon.
Léigh tuilleadh
12. Meabhrúchán: Fógra don earnáil ealaíon maidir le pleanáil i gcomhair phaindéime an fhliú mhucúil
Molann an Chomhairle Ealaíon d'eagraíochtaí smaoineamh ar na himpleachtaí a bhaineann leis an bhfliú mucúil H1N1 maidir lena gcuid oibríochtaí agus imeachtaí féin.
Léigh tuilleadh
13. Nuacht ó phobal na n-ealaíon
Áirítear leis na deiseanna ó phobal na n-ealaíon i mí Mheán Fómhair: glao um oibrithe deonacha in dá fhéile ealaíon, an Darklight Film Festival agus Open House 2009; agus deis chun clárú le haghaidh na Natural Born Artists: Comhdháil ar Ealaíona do na Luathbhlianta arna hóstáil ag Baboró.
Léigh tuilleadh
14. Nuacht Idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha
Aírítear leis na scéalta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha i mí Mean Fómhair: foirm iarratais leictreonacha ar fáil do Shraith 2 den Chlár Cultúir; faisnéis faoi Lá na Nasc Cultúrtha i mBéal Feirste: seoladh measúnaithe sheachtraigh eatramhaigh ar an gClár Cultúir; fógra maidir le rannpháirteachas Dalkey Archive Press sa Tionscnamh Domhanda Aistriúcháin; seoladh suíomh gréasáin nua a thugann sonraí maidir le gach imeacht a bhaineann leis an AE atá ar siúl in Éirinn agus, ar deireadh, meabhrúchán faoi shuíomh gréasáin an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais Closamhairc agus Cultúir.
Léigh tuilleadh
|
|