An Dámhachtain Taistil agus Oiliúna 2017
 |
Beifear in ann iarratas a dhéanamh ar an Dámhachtain Taistil agus Oiliúna 2017 ón 18 Samhain 2016 ar aghaidh. Glactar le hiarratais ar bhonn leanúnach. Moltar d’iarratasóirí atá ag lorg tacaíochta le haghaidh na ndeiseanna incháilithe go léir a n-iarratas a chur isteach chomh luath agus is féidir roimh an dáta a bhfuil sé i gceist acu dul ag taisteal, ach nach déanaí ná ceithre seachtaine roimh an dáta a bhfuil sé i gceist acu dul ag taisteal. Cuirtear in iúl duit nach féidir leis an gComhairle Ealaíon measúnú a dhéanamh ar iarratais a fhaightear níos lú ná ceithre seachtaine roimh an dáta a bhfuil sé i gceist dul ag taisteal.
Beidh maoiniú ar fáil sna foirmeacha ealaíne/réimsí cleachtas ealaíon seo a leanas: Ailtireacht, Rannpháirtíocht sna hEalaíona, Sorcas, Damhsa, Litríocht, Ceol, Ceoldrámaíocht, na Sráidealaíona agus Seónna, Amharclannaíocht, na hEalaíona Traidisiúnta, Ionaid, na Físealaíona, agus Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas.
Amharc ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon chun tuilleadh faisnéise a fháil.
 |
|