San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Dheireadh Fómhair dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Cuirtear Tradition Now 2019 i láthair sa Cheoláras Náisiúnta i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon, agus beidh taibhithe le Lisa O’Neill, Ye Vagabonds, Sam Amidon, Catherine Ennis, Steve Cooney, Kíla mar chuid den Fhéile seo a bheidh ar siúl ar feadh Sé Lá
Dáta don dialann - Comhdháil na bhFéilte, 2020
Scoileanna Ildánacha Fógraíodh 150 scoil ildánach nua le déanaí
Imeachtaí Náisiúnta Ceiliúrtha na Scoileanna Ildánacha
Tairiscint foilsithe maidir le hÁiteanna Ildánacha Thuama a bhainistiú agus a sholáthar
Post mar Chomhalta Scríbhneoireachta Cruthaithí ag Ollscoil Luimnigh in 2020
Deontais agus Dámhachtainí
Scéim Infheistíochta na bhFéilte, 2020 – Babhta 2
Dámhachtainí Taistil agus Oiliúna d’Fhéilte in 2019
Nuacht ón bPobal
Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Damhsa Éireann
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Imeacht líonraithe saor in aisce de chuid na hEorpa Cruthaithí le linn Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath
Music Moves Europe: Glaoch ar Iarratais
Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh 2020 - Éisteachtaí in ÉIRINN!
Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh 2020 - Éisteachtaí in ÉIRINN!

Tá Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh á mhaoiniú ag an gclár an Eoraip Chruthaitheach, agus is é an misean atá aige na ceoltóirí óga is cumasaí ó na ballstáit AE uile a thabhairt le chéile in aon cheolfhoireann amháin agus iad “aontaithe ag comhdhearcadh Eorpach maidir le hoidhreacht, nuálaíocht, agus tóraíocht shíoraí an fheabhais”. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin gceolfhoireann anseo.

Reáchtálfar an chéad bhabhta eile d’éisteachtaí do Cheolfhoireann 2020 ar fud na hEorpa idir mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag 2019.

Is é Dé hAoine, 25 Deireadh Fómhair an spriocdháta d’iarrthóirí Éireannacha agus reáchtálfar éisteachtaí Dé hAoine, 15 Samhain i mBaile Átha Cliath. Is féidir tuilleadh a léamh faoin bpróiseas agus an fhoirm iarratais a íoslódáil ó shuíomh gréasáin Cheolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh anseo.