Beidh an chomhdháil náisiúnta nua sin ar an gcéad chomhdháil i sraith dhébhliantúil comhdhálacha a reáchtálfar faoi choimirce Creatlach don Chomhoibriú, an comhaontú nua idir an Chomhairle Ealaíon agus an Rialtas Áitiúil.
Taispeánfar le linn na comhdhála an cur chuige aontaithe atá á ghlacadh ag an gComhairle Ealaíon agus ag an Rialtas Áitiúil i leith na healaíona a fhorbairt agus a chothú ar fud na hÉireann.
Áireofar le seisiúin na comhdhála eochairláithreoireachtaí ón Ollamh Geoffrey Crossick agus ón Ollamh John O’Hagan, mar aon le rannchuidiú ón Dr Emer Smyth, Ceann Taighde Shóisialta san Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, ó Dheirdre Cullen, Staitisteoir Sinsearach sa Phríomh-Oifig Staidrimh, agus ó Dhiarmaid Lawlor, Ceann Uirbeachais le Ailtearachd is Dealbhadh na h-Alba. Úsáidfear cás-staidéir áititheacha ina léirítear ‘cad a tharlaíonn nuair a infheistímid sna healaíona’ mar ábhar spreagtha le linn na comhdhála. Ag an deireadh, soláthróidh Emmet Kirwan, aisteoir, scríbhneoir agus breathnóir sóisialta, achoimre ar an gcomhdháil ina shainstíl féin.
Go tábhachtach, pléifear le linn na comhdhála na tairbhí a bhaineann an tsochaí as caiteachas stáit ar na healaíona agus féachfar lena linn ar an ról a bhíonn ag na healaíona ó thaobh pobail chomhtháite inbhuanaithe a fhorbairt. Ag teacht sna sála ar bhliain an chomóraidh, ina raibh léiriú cultúrtha agus an tsaoránacht ina ngné thábhachtach den fhreagairt náisiúnta agus de na hócáidí comórtha, beidh an saoránach agus ár dtodhchaí chultúrtha i gcroílár na comhdhála arís eile.
Fógrófar lánsonraí sna seachtainí atá le teacht. Soláthrófar faisnéis áirithinte le linn na tréimhse sin freisin. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le Sinéad O’Reilly, Ceann na nEalaíon Áitiúil agus na Rannpháirtíochta sna hEalaíona trí ríomhphost a sheoladh chuig sinead.oreilly@artscouncil.ie nó trí ghlao a chur ar 01 6180249 nó déan teagmháil le Monica Corcoran, Bainisteoir Forbartha Straitéisí, trí ríomhphost a sheoladh chuig monica.corcoran@artscouncil.ie nó trí ghlao a chur ar 01 6180202