San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán Mhí Feabhra dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Bain só as d’fhéile an mhí seo!
Tá spriocdháta curtha amach go dtí an 13ú Márta 2020 don phróiseis comhairliúcháin phoiblí maidir le Beartas Náisiúnta ar Ailtireacht
Buail leis an gComhairle Ealaíon
Deontais agus Dámhachtainí
Scéim Ensembles na nÓg 2020
Tacaíochtaí Léiriúcháin Chruthaithigh – Scéim Phíolótach chun Acmhainní Amharclannaíochta a Chomhroinnt
Mobility First! - Tionscnamh Soghluaiseachta Cultúrtha ASEF 2020
Nuacht ón bPobal
Deis Fostaíochta ag Music Network Riarthóir Clár
Stiúideonna Ealaíontóirí le Fáil ar Cíos
Scoileanna Ildánacha
Deis do Chomhlaigh Chruthaitheacha
Scoileanna Ildánacha – ag cur fáilte roimh iarratais ó scoileanna as gach cearn den tír
Scoileanna Ildánacha – ag cur fáilte roimh iarratais ó scoileanna as gach cearn den tír

Tá ríméad ar Scoileanna Ildánacha a fhógairt go mbeidh scoileanna in ann iarratas a dhéanamh ar an togra ón 18 Feabhra go dtí 17:30, Déardaoin, 19 Márta 2020.  

Tá tuilleadh faisnéise ar phróiseas iarratais na Scoileanna Ildánacha ar fáil anseo. Ní mór na hiarratais a chur isteach ar líne agus moltar do scoileanna clárú roimh ré.

Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár saol leanaí agus daoine óga. Tacóidh sé le scoileanna a bplean féin dá Scoil Ildánach a fhorbairt agus tosú á chur i bhfeidhm. Rachaidh na scoileanna rannpháirteacha i mbun comhoibre le Comhlach Cruthaitheach chun a rannpháirtíocht sna healaíona a thuiscint, a fhorbairt agus a cheiliúradh. Mar thoradh air sin, beidh siad in ann an dóigh a n-oibríonn siad a athrú ar mhórán bealaí. Bainfidh siad sochar as an réimse acmhainní ina scoil agus ina bpobal i gcoitinne; déanfaidh siad bealaí nua oibre a fhorbairt a neartóidh an tionchar atá ag an gcruthaitheacht ar fhoghlaim, ar fhorbairt agus ar leas na scoláirí. Cinnteoidh scoileanna go mbeidh ról lárnach ag leanaí agus daoine óga sa phróiseas seo ag úsáid Shamhail Lundy mar dhea-chleachtas.

Tá gach bunscoil agus iar-bhunscoil - de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna mar aon le hionaid Ógtheagmhála nach raibh páirteach i mbabhta de Scoileanna Ildánacha roimhe seo incháilithe chun iarratas a dhéanamh.

Beidh 150 scoil nua as gach cearn den tír rannpháirteach sa tionscnamh i mbliana.  Gheobhaidh na scoileanna rannpháirteacha pacáiste tacaíochta gach bliain lena n-áirítear oiliúint, suas le naoi lá tacaíochta ó Chomhlach Cruthaitheach agus deontas aon uaire €4,000 (san iomlán) chun a gcuid pleananna a chur i bhfeidhm in 2020–21 agus 2021–22.