In eagrán seo mhí Dheireadh Fómhair, tá nuacht againn faoi spriocdháta mhí na Samhna do thrí phríomhchlár maoinithe na Comhairle Ealaíon - Eagraíochtaí a Mhaoinítear go Rialta, Maoiniú Bliantúil agus Deontais le haghaidh Clár Bliantúil. Tá tús curtha anois leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach.
Tá nasc ann lenár suíomh Ghréasáin scéalta cartlainne, tionscnamh a sheol Jimmy Deenihan TD, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an 13 Deireadh Fómhair seo caite, chun comóradh 60 bliain na Comhairle Ealaíon a cheiliúradh. Roghnaigh an Chomhairle cuid bheag dá taifeadtaí óna cartlann mhór doiciméadúcháin agus cuirfear tús leis an suíomh Gréasáin leis an gcéad chéim de 14 scéal ó na 1950í. Insítear na scéalta go príomha trí chóipeanna digiteacha a léiriú de dhoiciméid ó chartlann na Comhairle lena n-áirítear litreacha, miontuairiscí agus grianghraif.
Bhí an-áthas orainn fáilte a chur roimh an Aire Deenihan chuig an gComhairle Ealaíon an 18 Deireadh Fómhair nuair a chuir sé fáilte roimh chomhaltaí nua na Comhairle Ealaíon agus a labhair sé lenár seisiún iomlánach míosúil.
Tá faisnéis sa nuachtlitir faoinár dtionscnamh closfhoilsitheoireachta le RTÉ, a eisíodh roinnt CDanna mar chuid den tsraith Cumadóirí na hÉireann mar thoradh air, lena n-áirítear saothair cheolfhoirne leis an gcomhalta Aosdána John Kinsella Tá nuashonrú againn faoi fhorbairtí úrnua maidir le cosaint leanaí agus faoi scéim nua na Comhairle Ealaíon um sparánachtaí oiliúna córúla, a dhéanfar a bhainistiú ag Cumann Náisiúnta na gCór. Tá faisnéis inti freisin faoi thuarascáil 2011 de chuid Arts Audiences maidir le freastal ar na healaíona in Éirinn, bunaithe ar Innéacs na Spriocghrúpaí. Is é aidhm na tuarascála forbhreathnú a sholáthar ar fhreastal ar na healaíona, arna mhiondealú faoi phríomh-dhéimeagrafaic, agus faoi iompar agus úsáid na meán i measc fhreastalaithe ar na healaíona go ginearálta freisin.
Ba chúis bróin don Chomhairle Ealaíon cluinstin faoi bhás Mhuiris Uí Rócháin agus cuirimid ár gcomhbhrón in iúl dá theaghlach.
San áireamh le roinnt míreanna inár nuacht ó phobal na n-ealaíon tá sonraí faoi Chartlann Náisiúnta Damhsa na hÉireann ag Ollscoil Luimnigh, a dhéanfar a oscailt go hoifigiúil i mí na Samhna; an suíomh Gréasáin nua maidir leis na healaíona agus an tsláinte, arna fhorbairt ag Waterford Healing Arts Trust agus Create; nasc le doiciméad straitéise agus beartais tionscnaimh de chuid Arts & Disability Ireland, agus roinnt faisnéise faoi sheimineáir atá le tionól i mBaile Átha Cliath, i gCill Chainnigh agus i Londain i rith mhí na Samhna. Sa nuacht ón bPointe Teagmhála Cultúrtha atá lonnaithe sa Chomhairle Ealaíon, tá faisnéis againn faoi sheimineár maidir le Fócas ar Mhaoiniú an AE don Chultúr agus tá roinnt sonraí againn faoi mhaoiniú Shraith 1.3.6 na bhFéilte Eorpacha, lena mbaineann spriocdháta den 16 Samhain. Is ionann an deontas uasta atá ar fáil agus €100,000.
Faoi dheireadh, tá áthas orm a rá gur bhuaigh an Chomhairle Ealaíon an gradam i gcatagóir Ríomhsheirbhísí an Rialtais dá Seirbhísí Ar Líne ag Gradaim Net Visionary 2011 Chumann Idirlín na hÉireann an 30 Meán Fómhair. Is cuid ríthábhachtach dár gcuid oibre anseo sa Chomhairle Ealaíon seirbhís éifeachtach éifeachtúil a sholáthar don phobal.
Is mise le meas,
Orlaith McBride, Stiúrthóir