Dámhachtain na Cuntaoise Constance de Markievicz
 |
Cuirfear tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach ar Dhámhachtain na Cuntaoise Constance de Markievicz ar an 7 Eanáir 2020.
Is é cuspóir na Dámhachtana Markievicz ná tacú leo seo a leanas:
onóir a thabhairt don Chuntaois Constance de Markievicz mar an chéad bhean a toghadh chun parlaiminte; agus chun
tacaíocht a chur ar fáil d’ealaíontóirí as gach cúlra agus seánra am agus spás a chur i leataobh le saothar nua ina léirítear ról na mban sa tréimhse a chumhdaítear le Deich mBliana na gCuimhneachán agus ina dhiaidh sin a fhorbairt
Gheobhaidh na daoine a bhuafaidh Dámhachtain Markievicz €20,000 an duine agus bronnfar an dámhachtain ar suas le cúigear gach bliain. Cuirfear fáilte roimh iarratais chomhpháirteacha.
Déanann an Chomhairle Ealaíon an dámhachtain seo a riar thar ceann na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus tá sí oscailte, trí ghairm phoiblí, d’ealaíontóirí atá ag obair sna seánraí ealaíon go léir a dtacaíonn an Chomhairle Ealaíon leo. Ní mór gach iarratas a dhéanamh trí úsáid a bhaint as Seirbhísí ar Líne na Comhairle Ealaíon.
Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas: 5.30pm, Déardaoin, an 6 Feabhra 2020
 |
|