Glaoch ar iarratais: Scéim Ceoltóra Chónaithe Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, 2019
Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus Music Network sonraí faoi Scéim Ceoltóra Chónaithe 2019 a fhógairt. Iarrfar ar cheoltóirí aonair seanbhunaithe agus atá ag teacht chun cinn ó gach seánra a bhfuil nasc láidir acu le Dún Laoghaire-Ráth an Dúin cur isteach ar an scéim seo faoi Dé Máirt, 19 Feabhra 2019 ag a 2:00 pm. Tá sonraí ar fáil ar musicnetwork.ie/musicians
Léigh a thuilleadh >>
What Next: Dive In, Discover Dance
Tagann lucht déanta, taibheoirí agus lucht féachana an damhsa le chéile i gcomhair féile dhamhsa What Next chun an fhionnachtain agus féidearthachtaí nua a cheiliúradh idir an 7 agus an 9 Feabhra i gCathair Luimnigh.
Léigh a thuilleadh >>
Oifigeach Cláreagraithe – Lánaimseartha Buan
Is é ár misean na daoine a phléann le MAC a spreagadh agus dúshlán a chur rompu agus áirítear leo siúd na daoine a oibríonn linn; taithí iontach a chruthú, taithí a athraíonn an bealach a mbreathnaíonn daoine ar a sochaí agus an ról atá acu sa tsochaí sin; spás a chruthú ina bhforbraíonn daoine naisc lena chéile, agus ina bhforbraítear naisc idir daoine agus an ealaín; cur le clú Bhéal Feirste mar cheann de na cathracha is cruthaithí ar domhan tríd an ealaín is fearr sa domhan a chur ar thaispeáint inár gcathair agus an ealaín is fearr ónár gcathair a chur ar thaispeáint sa domhan; agus níos mó teagmhála a dhéanamh leis an tsochaí agus leis na daoine atá ag fulaingt mar thoradh ar an gcomhionannas agus an deighilt.
Léigh a thuilleadh >>
‘And the tide was way out’ Paul Hallahan agus Lee Welch : Gailearaí na Cathrach
‘And the tide was way out’ Paul Hallahan agus Lee Welch, 3 Feabhra - 31 Márta 2019, Gailearaí na Cathrach, dlr Lexicon, Dún Laoghaire.
Léigh a thuilleadh >>
Cuireann Widmann agus Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann saothair shuntasacha i láthair in Voices from the Edge
Tá clú agus cáil ar Cheolfhoireann Aireagail na hÉireann mar gheall ar a rímháistreacht agus a foireann de cheoltóirí iontacha a chuireann taibhithe spleodracha i láthair in Éirinn agus thar lear. Beidh cóstóir roithleáin d’fhuaimeanna ilathraitheacha ó gach cineál ré le cloisteáil sna ceolchoirmeacha a chuirfidh siad ar siúl i mí Feabhra i mBaile Átha Cliath agus i Luimneach ar an 13 agus an 14 Feabhra.
Léigh a thuilleadh >>
WomenXBorders
Is cúis áthais d’Áras na Scríbhneoirí go mbeidh siad ag comhoibriú le Women Aloud Northern Ireland arís in 2019 i gcomhair WomenXBorders Dé Sathairn, 9 Márta chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan.
Léigh a thuilleadh >>
Writing for a Change: Comórtas Splancfhicsin
D’fhógair Áras na Scríbhneoirí comórtas Splancfhicsin agus Neamhfhicsin Chruthaithigh, agus Athrú Aeráide mar théama leis, i gcomhpháirt le Garraithe Náisiúnta na Lus agus le Five Lamps Arts Festival.
Léigh a thuilleadh >>
Dámhachtain Scríbhneora Óig Marian Keyes
Tá ríméad ar Áras na Scríbhneoirí dámhachtain nua a fhógairt, atá á hurrú go flaithiúil ag Ambasadóir Áras na Scríbhneoirí Marian Keyes, a cruthaíodh go sonrach chun scríbhneoirí óga idir 18 agus 26 bliain d’aois a spreagadh lena gcleachtas ealaíonta a fhorbairt.
Léigh a thuilleadh >>
|
|