Imeachtaí na Samhna
Léiriú Londan ar
In the Shadow of the State le Sarah Browne agus Jesse Jones
Dáta: 17-20 Samhain 2016
Ionad: Courtroom,
Toynbee Studios, 28 Commercial Street, Londain
Moltar in The Touching Contract i Londain, arna léiriú in iartheach cúirte d’ógánaigh, bealaí nua chun tuiscint a fháil ar conas a fhoghlaimímid comhartha polaitiúil an tadhaill trí shaothar taibhithe tumthach. Is é seo an léiriú deireanach i sraith de cheithre léiriú don tionscadal In the Shadow of the State leis na healaíontóirí Sarah Browne agus Jesse Jones, ina ndéantar iniúchadh ar an Stát agus a ionstraimí ó dhearcadh corp mná de.
Tá fuaimdhreach a chum Alma Kelliher agus scór dlí a ceapadh i gcomhar le Máiréad Enright le sonrú sa taibhiú. Tá an conradh sin ina bhunús leis an tslí inar féidir leis an lucht féachana páirt a ghlacadh (nó gan páirt a ghlacadh) sa taibhiú dá rogha féin. Rinneadh forbairt air de thoradh plé le grúpa ban sa chathair ar tugadh cuireadh dóibh. Arna chur in oiriúint ó léiriú Bhaile Átha Cliath, aimsíonn The Touching Contract i Londain bríonna nua de réir mar a dhéanann taithí na mban ar an óige agus ar an máithreachas teagmháil le haird an Stáit atá meabhrach ar a theorainneacha le déanaí; áit a mbeidh ar mhná atá i dtinneas linbh in ospidéil mháithreachais a saoránacht Bhriotanach nó a stádas cónaitheachta a chruthú anois sula gcuirfear cóir leighis orthu.
Tá In the Shadow of the State comhchoimisiúnaithe ag Create (Éire) agus Artangel. Is príomhthionscadal é i gclár EALAÍN: 2016 na Comhairle Ealaíon d’Éire 2016. Ach tacaíocht a thabhairt don tionscadal, tá áit lárnach ag ealaíontóirí agus ag na healaíona sa Chomhairle Ealaíon maidir leis an gcaoi a bhfreagraíonn sí do chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca 1916.
Fuarthas tacaíocht bhreise don tionscadal ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Liverpool Biennial agus Heart of Glass (St. Helens).
Beifear ábalta ticéad a chur in áirithe go luath ar www.intheshadowofthestate.org
HEED FM - Garrett Phelan
22 Deireadh Fómhair–18 Samhain 2016
HEED FM 94.3 (Baile Átha Cliath amháin)
DAB/DAB+ (Baile Átha Cliath agus Corcaigh amháin)
www.heedfm.com (beoshruth ar líne)
Portráid anaithnid fuaime 28 lá is ea HEED FM a cruthaíodh trí chomhráite duine le duine agus trí chomhráite grúpa i mBaile Átha Cliath le daoine idir 18–25 bliain d’aois as gach cúlra a bhfuil cónaí orthu i mBaile Átha Cliath.
Sa chraoladh raidió FM agus gréasáin a mhairfidh ar feadh míosa beidh sruth leanúnach comhrá gan aon cheol, fógraí, nuacht, láithreoirí, aimsir, am ná ceoilíní. Cuirtear taifeadtaí a rinneadh thar thréimhse 8 mí i láthair sa ann le glúin daoine óga ar annamh a chloistear a gcuid tuairimí agus creideamh sa réimse poiblí agus a bhfuil easnamh abhcóideachta náisiúnta ar a son ann. Diúltaíonn HEED FM do réamhchlaontaí agus déanann sé an ghlúin seo a dhí-íogrú gan breithiúnas a thabhairt. Tugann sé deis dóibh siúd a ghlac páirt ann uaillmhianta agus rudaí ar spéis leo a chur in iúl.
Cláraigh do chuntais meán sóisialta HEED FM ag
http://twitter.com/heedfm
http://facebook.com/heedfm
http://instagram.com/heedfm
Tá suíomh gréasáin HEED FM agus an seinnteoir beoshrutha ar fáil anois.