San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Eanáir de nuachtlitir na Comhairle Ealaíon.
Nuacht na míosa seo
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon tionscnamh nua maidir le bealaí a spreagfaidh an pobal a bheith rannpháirteach san ailtireacht: An Ailtireacht a Leathnú
Seiceáil Ealaíon agus Sláinte, Seiceáil Isteach – an 29 Eanáir 2016, Baile Átha Cliath
Naisc Chruthaitheacha – Comhrá agus Taispeántas um na hEalaíona agus Míchumas
Clár na Comhairle Ealaíon mar chuid d’Éire 2016
Deontais agus Dámhachtainí
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Babhta 2 de Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí 2016
Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon: Spriocdhátaí 2016
Scéim Ensembles na nÓg 2016
Dámhachtain Deis: an chéad spriocdháta eile – 5:30pm, Déardaoin, an 18 Feabhra 2016
An Dámhachtain Coimisiún: an chéad spriocdháta eile – 5:30pm, Déardaoin, an 18 Feabhra 2016
Dámhachtainí Tionscadail – spriocdháta 5.30 pm Déardaoin, an 03 Márta 2016
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir
Heritage in Motion
An Dámhachtain Coimisiún: an chéad spriocdháta eile – 5:30pm, Déardaoin, an 18 Feabhra 2016

Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Coimisiún na Comhairle Ealaíon Déardaoin, an 18 Feabhra 2016 ar 5.30pm. Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Luain, an 19 Eanáir 2016 ar aghaidh.

Tá na dámhachtainí seo a leanas le fáil:

• An Dámhachtain Coimisiún sa Cheol

• An Dámhachtain Coimisiún sna hEalaíona Traidisiúnta (lena n-áirítear ceol traidisiúnta, amhránaíocht, rince nó na healaíona béil)

Is é príomhchuspóir na dámhachtana seo ná comhpháirtíochtaí cruthaitheacha a éascú idir réimse daoine nó eagraíochtaí ar mian leo saothair a choimisiúnú agus na healaíontóirí féin. Tacaíonn an Dámhachtain Coimisiún sna hEalaíona Traidisiúnta le táillí a íoctar le healaíontóirí. Is é an toradh a chaithfidh a bheith ar an bpróiseas seo ná go scaipfear an saothar a coimisiúnófar nó go gcuirfear i láthair é in Éirinn nó thar lear.

Tá an dámhachtain oscailte do dhaoine aonair nó d’eagraíochtaí lena n áirítear ealaíontóirí, gairmithe ealaíon, ensembles, bannaí, údaráis áitiúla agus gníomhaireachtaí eile. Ní féidir leis an ealaíontóir atá le coimisiúnú iarratais a dhéanamh. Is é an coimisinéir amháin a dhéanann é sin.

Tá Treoirlínte Dámhachtana le haghaidh an dá dhámhachtain foilsithe ar an rannán maoiniú atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tabhair faoi deara

Ní ghlacfar le hiarratais ach ar shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór don té atá ag coimisiúnú an tsaothair agus don ealaíontóir (nó do na healaíontóirí) a bheith cláraithe le suíomh na seirbhísí ar líne sula ndéanfar iarratas. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh.

Newsletter Marketing Powered by Newsweaver