San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán na Bealtaine dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon agus Arts & Disability Ireland buaiteoirí na scéime Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais 2020
Deontais agus Dámhachtainí
Scoileanna Ildánacha – Síneadh leis an Spriocdháta Iarratais
John Broderick – bronntanas scríbhneora do Bhaile Átha Luain
Nuacht ón bPobal
Music Network – Ceannas a Ghlacadh ar do Ghairm Taibhithe 2020
Téann #TinyPlayChallenge de chuid Fishamble ar chamchuairt dhomhanda
Cúrsaí Scríbhneoireachta ar líne ag Áras Scríbhneoirí na hÉireann
Seoladh Aonach Úrscéalta 2021
Scoileanna Ildánacha
CSTV – Scoileanna Ildánacha ag tacú le Cruthaitheacht Leanaí agus Daoine Óga ar fud na hÉireann
Music Network – Ceannas a Ghlacadh ar do Ghairm Taibhithe 2020

Tá Music Network ag cur Ceannas a Ghlacadh ar do Ghairm Taibhithe 2020 i láthair, cúrsa saor in aisce ar líne don fhorbairt ghairmiúil le haghaidh ceoltóirí. Cuirfidh ceathrar saineolaithe móra sa tionscal an cúrsa ar fáil. Tá sé mar aidhm ag an tsraith speisialta de sheisiúin oiliúna beo ar líne cabhrú le ceoltóirí as gach seánra na scileanna riachtanacha a fhorbairt chun freagra a thabhairt ar éilimh athraithe an tionscail cheoil. Beidh na cuir i láthair á sruthú beo ar Facebook, agus beidh siad ar siúl gach Máirt agus Déardaoin ag 3pm ón 28 Aibreán - 21 Bealtaine, á gcur ar fáil ag Nick Roth, Steve Lindsey, Frances Mitchell agus Laoise O’Brien.

 

Tairgfidh an cúrsa comhairle ábhartha chun dáta sna réimsí a bhaineann le ceol a roinnt i dtimpeallacht dhigiteach, an tionscal foilsitheoireachta ceoil a fhiosrú, féin-bhainistiú d’ealaíontóirí agus ag ullmhú do thaifeadadh closfuaime.

 

Cuirfidh an ceoltóir agus an léiritheoir Nick Roth dhá sheisiún i láthair ina ngabhfaidh sé i ngleic leis an athstruchtúrú reatha atá á dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil ceol á chumadh agus á roinnt (28 & 30 Aibreán), agus cumhdóidh Steve Lindsey, ceoltóir agus foilsitheoir, réimsí riachtanacha d’fhoilsitheoireacht ceoil, lena n-áirítear sonraí maidir le húinéireacht cóipchirt, amhrán a roinnt, conarthaí agus úsáidí an cheoil (5 & 7 Bealtaine).

 

Labhróidh an saineolaí nuálaíochta agus bainistíochta ealaíontóirí Frances Mitchell, faoin gcaoi ar féidir le ceoltóirí a ngairmeacha a bhainistiú, ag díriú ar scileanna cur i láthair pearsanta agus ar an leas is mó a bhaint as na huirlisí digiteacha atá ar fáil (12 & 14 Bealtaine) agus déanfaidh an ceoltóir agus an léiritheoir Laoise O’Brien cur i láthair ar an ábhar a bhaineann le taifeadadh a phleanáil agus ullmhú dó, ón gcoincheap go dtí an táirge deiridh (19 & 21 Bealtaine).

 

Moltar don lucht féachana ceisteanna a chur suas do na saineolaithe tríd an bhfotha beo ar Leathanach Facebook Music Network, agus freagrófar iad sin i rith seisiún 15 nóiméad ag deireadh gach cur i láthair. Beidh na cuir i láthair taifeadta ar fáil freisin le hamharc orthu ina dhiaidh sin ar chainéal YouTube Music Network. Níl anseo ach ceann de roinnt bealaí ina dtacóidh Music Network le ceoltóirí sa tréimhse reatha.

 

Tá na sonraí ar fad anseo: https://www.musicnetwork.ie/whats-on/workshops
nó https://www.facebook.com/musicnetworkireland