San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Mhárta dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Luach Saothair don Ealaíontóir
Tacaíochtaí Léiriúcháin Chruthaithigh – Scéim Phíolótach chun Acmhainní Amharclannaíochta a Chomhroinnt
Clár RAISE - FORBAIRT ACMHAINNE INFHEISTÍOCHTA PRÍOBHÁIDÍ - Fógraítear Céim 2.
Clinicí faisnéise ar dhámhachtainí scannáin na Comhairle Ealaíon don bhliain 2020
Deontais agus Dámhachtainí
An Dámhachtain Coimisiún, an chéad spriocdháta eile – 5:30 p.m, Déardaoin, 30 Aibreán 2020
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an spriocdháta don Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa, 2020
An Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Amharclannaíochta
Spriocdháta: An Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
Spriocdháta: Maoiniú Deontais do na hEalaíona, 2021
An chéad spriocdháta eile do Reel Art – 17:30 Déardaoin,14 Bealtaine 2020
Nuacht ón bPobal
Tá WESTIVAL ag lorg STIÚRTHÓIR FÉILE. Buaiteoir Dhámhachtana Féilte na hÉireann 2019 don ‘Fhéile Bheag is Fearr’.
PAINÉAL TEAGASCÓIRÍ CEOIL
Riarthóir Music Generation
Scoileanna Ildánacha
Deis do Chomhlaigh Chruthaitheacha
Scoileanna Ildánacha – ag cur fáilte roimh iarratais ó scoileanna as gach cearn den tír
Scoileanna Ildánacha – ag cur fáilte roimh iarratais ó scoileanna as gach cearn den tír

Tá scoileanna in anniarratais a dhéanamh anois go dtí 17:30, Déardaoin, 19 Márta 2020.  

Tá tuilleadh faisnéise ar phróiseas iarratais na Scoileanna Ildánacha ar fáil anseo. Ní mór na hiarratais a chur isteach ar líne agus moltar do scoileanna clárú i bhfad roimh an spriocdháta.

Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár saol leanaí agus daoine óga. Tacaíonn sé le scoileanna a bPlean Scoile Ildánaí féin a fhorbairt agus tosú á chur i bhfeidhm. Oibríonn scoileanna a ghlacann páirt le Comhlach Cruthaitheach chun Plean a chruthú, baineann siad leas as an réimse acmhainní ina scoil agus ina bpobal i gcoitinne, agus forbraíonn siad bealaí nua oibre a neartaíonn an tionchar atá ag an gcruthaitheacht ar fhoghlaim, ar fhorbairt agus ar fholláine na scoláirí. Bíonn ról lárnach ag leanaí agus daoine óga sa phróiseas seo.

Tá gach bunscoil agus iar-bhunscoil - de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna mar aon le hionaid Ógtheagmhála nach raibh páirteach i mbabhta de Scoileanna Ildánacha roimhe seo incháilithe chun iarratas a dhéanamh.

Beidh 150 scoil nua as gach cearn den tír rannpháirteach sa tionscnamh i mbliana.  Gheobhaidh na scoileanna rannpháirteacha pacáiste tacaíochta gach bliain lena n-áirítear oiliúint, suas le naoi lá tacaíochta ó Chomhlach Cruthaitheach agus deontas aon uaire €4,000 (san iomlán) chun a gcuid pleananna a chur i bhfeidhm in 2020–21 agus 2021–22.