Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon na spriocdhátaí iarratais do na trí phríomhchlár deontas atá againn - Eagraíochtaí a Mhaoinítear go Rialta, Deontais le haghaidh Clár Bliantúil agus Maoiniú Bliantúil. Chomh maith leis sin, tugaimid faisnéis faoi Scéim na Scríbhneoirí i Leabharlanna. Cuirfear maoiniú ar fáil faoin scéim seo d’imeachtaí liteartha samhlaíocha i leabharlanna ar fud na tíre.
I nuachtlitir na míosa seo, cuirimid torthaí an imeachta Art-Youth-Culture: FYI ar fáil. Tugadh 60 duine óg idir 15 bliana d’aois agus 25 bliain d’aois le chéile san imeacht sin chun plé a dhéanamh lena bpiaraí agus le príomhdhéantóirí beartas faoina rannpháirtíocht sa saol cultúrtha agus sna healaíona. Tá achoimre san fhoilseachán ar na príomhtheachtaireachtaí a tháinig chun solais le linn an imeachta, agus tá freagairt na Comhairle Ealaíon le fáil ag deireadh na tuarascála, ina leagtar amach na gníomhartha a d’fhéadfaí a dhéanamh i réimse na ndaoine óga, na bpáistí agus an oideachais.
Tá lámhleabhar simplí foilsithe ag Arts Audiences ar mhaithe le cabhrú le heagraíochtaí ealaíon seirbhís do chustaiméirí ó thaobh an phobail agus lucht úsáidte a mheasúnú agus a fheabhsú. Is cuid é sin dá obair leanúnach maidir le hábhar acmhainní a fhoilsiú d’eagraíochtaí ealaíon. Is féidir an foilseachán a íoslódáil in eagrán na míosa seo.
Cuirimid i gcuimhne duit go mbeidh chomhdháil shuntasach á reáchtáil ag an gComhairle Ealaíon an 25-26 Samhain, i nDámh Chruinne Éireann ag Ollscoil Luimnigh, chun ceiliúradh a dhéanamh ar an gComhairle Ealaíon a bheith ag obair i gcomhpháirt le hÚdaráis Áitiúla le 25 bliain anuas. Déanfar scagadh sa chomhdháil ar ról na n-ealaíon agus an chultúir maidir le cuspóirí a bhaineann le forbairt gheilleagrach agus shóisialta áitiúil a bhaint amach, agus ar na bealaí inar féidir linn acmhainneacht na pleanála comhtháite san am atá le teacht a bhaint amach sna réimsí sin. Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus clárú ar shuíomh Gréasáin 25:25.
Tá an Chomhairle Ealaíon agus Ollscoil Luimnigh tar éis pleananna a fhógairt chun oiliúint ghairmiúil sa damhsa agus an oideachas damhsa a fhorbairt in Éirinn. Tá an comhthionscnamh seo beartaithe chun scrúdú a dhéanamh ar chreat nua a chruthú ar a dtugtar an clár ‘Céim chun Tosaigh’. Is féidir tuilleadh eolais faoin tionscnamh seo a fháil san eagrán seo.
Ar an ábhar eile sa nuachtlitir, fógraímid na hiarratasóirí ar éirigh leo sa bhabhta is déanaí de na Dámhachtainí Sparánachta agus foilsímid na cinntí ó na treoirscéimeanna téatair agus damhsa le haghaidh 2010-2011. Tá na cinntí ón mbabhta is déanaí den scéim Deis á gcur ar fáil freisin.
Tá na hailt rialta maidir le nuacht ó lucht na n-ealaíon agus nuacht idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha le fáil ag deireadh na nuachtlitreach.
Mary Cloake
Stiúrthóir