San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán na Bealtaine dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Cuirfear léacht an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach, ‘The Lives of the Saints’, i láthair in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
Tá Close Encounter: Meetings with Remarkable Buildings ar ais in Éirinn ó Biennale na Veinéise chun camchuairt a dhéanamh timpeall na tíre Tá an taispeántas ar cheann de na taispeántais is mó de thallann ailtireachta na hÉireann
Deontais agus Dámhachtainí
Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe
Ealaíontóir Scannán Cónaithe (Scríbhneoir Scáileáin), Coláiste na hOllscoile Corcaigh 2019-2020
Fógraíonn Cultúr Éireann agus an Chomhairle Ealaíon Gairmeacha Oscailte ar Léirithe Spéise le haghaidh an 17ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta, La Biennale di Venezia, 2020.
Spriocdhátaí atá ag teacht aníos
Nuacht ón bPobal
Stiúrthóir/Príomhfheidhmeannach Gníomhach Áras na Scríbhneoirí (50 seachtain ó mhí Iúil 2019)
DEIS FOSTAÍOCHTA: Music Generation – Ceann Foirne don Roinn Cáilíochta, Tacaíochta agus Forbartha
Fóram do Léiritheoirí Litríochta
TAKING TIME: An Appreciation of Irish Craft
FRESH STREET#3 | 22 – 24 Bealtaine
NEST 2019
Togra: Ar chóir dúinn eagla a bheith orainn roimh an algartam? Intleacht shaorga a iniúchadh
Club Leabhar na Bealtaine – Éilís Ní Dhuibhne i mbun Comhrá
Takin' the Mic Ócáid Dhátheangach ag ILFD le Marcus Mac Conghail agus Nicole Flattery
Cuir saothar isteach chuig Aonach Úrscéalta 2020
Tá Close Encounter: Meetings with Remarkable Buildings ar ais in Éirinn ó Biennale na Veinéise chun camchuairt a dhéanamh timpeall na tíre Tá an taispeántas ar cheann de na taispeántais is mó de thallann ailtireachta na hÉireann

Choimeád na hailtirí Éireannacha Yvonne Farrell agus Shelley McNamara an 16ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta - La Biennale di Venezia 2018 anuraidh. Bhí siad ar na chéad Éireannaigh ar tugadh cuireadh dóibh La Biennale di Venezia a choimeád le linn an 123 bliain a bhfuil sé ar bun. Tugadh cuireadh do 16 fhoireann ailtirí Éireannacha saothair íocónacha le hailtirí idirnáisiúnta an 20ú hAois a athshamhlú don imeacht mór seo, agus cuireadh na saothair sin ar taispeáint faoin ainm:

 

Close Encounter, Meetings With Remarkable Buildings, Special Section of the 16th International Architecture Exhibition of la Biennale di Venezia.

Beidh sé seo ar cheann de na léirithe is mó de thallann ailtireachta a chonacthas in Éirinn riamh agus rachaidh sé ar camchuairt ar fud na tíre. Cuirfear an seó ar taispeáint ag Dánlann Glucksman, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, ón 6 Aibreán go dtí an 20 Meitheamh agus ag Ionad Visual, Ceatharlach ón 20 Meán Fómhair go dtí an 19 Eanáir 2020.

Rinne an tOllamh Hugh Campbell comhchoimeádaíocht ar an taispeántas Close Encounter, ina bhfuil suiteálacha dealbhacha tumtha ó na hailtirí seo a leanas: A2 Architects, Boyd Cody Architects, Bucholz McEvoy Architects, Carr Cotter & Naessens Architects, Clancy Moore Architects, Tom dePaor, Dominic Stevens & JFOC, Donaghy + Dimond architects, GKMP Architects, Hassett Ducatez Architects, Heneghan Peng Architects, Kevin Donovan & Ryan W. Kennihan Architects, Mary Laheen & Aoibheann Ní Mhearáin, Noreile Breen, Steve Larkin, Taka Architects.

 “Iarrtar ar gach ailtire ar iarradh air nó uirthi páirt a ghlacadh in Close Encounter a bheith flaithiúil agus é ag ‘tógáil’ saothar ailtire eile chun comóradh a dhéanamh ar an saothar sin, go dtuigfear é ar bhealach nua, go dtabharfar luach leis arís agus go n-aithneofar an luach a bhain leis roimhe,” a dúirt Yvonne Farrell agus Shelley McNamara, coimeádaithe an 16ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta – La Biennale di Venezia 2018

D'eascair Close Encounter: Meetings with Remarkable Buildings as Tionscnamh Meantóireachta de chuid na Comhairle Ealaíon mar Thionscadal Speisialta de chuid Yvonne Farrell agus Shelley McNamara, Coimeádaithe Freespace,​ an 16ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta, an Veinéis. Maoinithe ag an gComhairle Ealaíon, bhí sé mar aidhm ag an tionscnamh 16 ailtire, ar tugadh cuireadh dóibh páirt a ghlacadh in Biennale 2018, a chumasú le scileanna a fhorbairt chun a saothar a chur i láthair agus a chur in iúl do lucht féachana poiblí sa Veinéis. Beidh deis ag lucht féachana anseo dul i ngleic leis an taispeántas ailtireachta uathúil seo, agus cuirfear le hoidhreacht an Tionscnaimh Meantóireachta le haghaidh chleachtas, choimeád agus chultúr na hailtireachta in Éirinn.

Tá an chamchuairt á léiriú ag Foras Ailtireachta na hÉireann i gcomhpháirtíocht le Dánlann Glucksman agus Ionad Visual, Ceatharlach, agus tá sí á maoiniú ag an gComhairle Ealaíon le tacaíocht bhreise ó Dublin Port Company.

Reáchtálfaidh Foras Ailtireachta na hÉireann Comhdháil ar Ailtireacht a Choimeád ar an 6 Aibreán i gCorcaigh, i gcomhpháirtíocht le Dánlann Glucksman agus National Sculpture Factory.

Féach anseo chun tuilleadh sonraí a fháil faoin gcomhdháil.