San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán na Samhna dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Faighteoirí Scéim Spás Oibre na nAmharc-ealaíontóirí 2022
Maoiniú Damhsa le haghaidh 2022
Bonn Eolais le haghaidh Todhchaí Oíche Chultúir
Clár In the Open / Faoin Spéir i mí Mheán Fómhair
Nuála Digiteacha Chláir RAISE - a bheith chun tosaigh
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon faighteoirí rathúla dhámhachtainí Reel Art i 2021
Clinic maoinithe amharclainne
Deontais agus Dámhachtainí
Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2022: Babhta 2
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
Nuacht ón bPobal
CRUINNIÚ MULLAIGH FHÉILTE NA hEORPA - GAILLIMH 22-24 SAMHAIN 2021
Scoileanna Ildánacha
Comhordaitheora Réigiúnaigh agus Comhlaigh Chruthaitheacha
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon faighteoirí rathúla dhámhachtainí Reel Art i 2021

Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt gur Cara Holmes agus Michael John Whelan a bhain amach Dámhachtain Reel Art i 2021. 

Is é Reel Art scéim scannáin faisnéise ealaíon cruthaitheach na Comhairle Ealaíon atá á rith le fada. Léireofar an dá scannán ar éirigh leo den chéad uair ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath i mí Feabhra 2023.

Ba mhaith leis an gComhairle Ealaíon comhghairdeas a dhéanamh leis an mbeirt ealaíontóirí as a ngradaim agus táimid ag súil leis na scannáin a fheiceáil os comhair lucht féachana Éireannach agus idirnáisiúnta nuair a chríochnófar iad.

Tá tuilleadh sonraí ar fáil anseo maidir leis na healaíontóirí agus a scannáin.