San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí na Nollag de nuachtlitir na Comhairle Ealaíon
Nuacht na míosa seo
Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas ó chroí le Mary Costello, Thomas Morris agus Tramp Press, Paul Durcan agus Colin Barrett as a gcuid éachtaí nua.
An Chomhairle Ealaíon: ‘Straitéis nua do na healaíona in 2015’
Meabhrúchán: Imeacht don Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach: bí i láthair le scoth na dtaibheoirí Éireannacha chun an ficsean Éireannach is fearr a cheiliúradh
Deontais agus Dámhachtainí
An Dámhachtain Taistil agus Oiliúna 2015
Meabhrúchán: An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta – 5.30pm, Déardaoin an 22 Eanáir 2015
Meabhrúchán: An Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
Le Scéim na bhFoilseachán /Teideal ar Theideal 2015 cinntí
Lucht Féachana na nEalaíon Nuacht
Nuacht ó Lucht Féachana na nEalaíon
Nuacht ón bPobal
Nuacht ón bPobal
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir
Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas ó chroí le Mary Costello, Thomas Morris agus Tramp Press, Paul Durcan agus Colin Barrett as a gcuid éachtaí nua.

Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon gur bhuaigh Mary Costello an Gradam le haghaidh Úrscéal na Bliana de chuid Eason ag Gradaim Leabhar na hÉireann 2014 de chuid Bhord Gáis Energy as a céad úrscéal, Academy Street. Bronnadh Sparánacht Litríochta ar Mary in 2011 agus bronnadh Sparánacht Litríochta dhá bhliain uirthi in 2013. Chuir Stinging Fly Press a cnuasach gearrscéalta, The China Factory, i gcló. Tacaíonn an Chomhairle Ealaíon leis an bhfoilsitheoir sin. Léigh a hagallamh leis an gComhairle Ealaíon i dtaobh a thábhachtaí is atá sparánacht.

 

Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas leis an bhfoilsitheoir Tramp Press freisin as an ngradam a fháil don Leabhar is Fearr a Foilsíodh in Éirinn as an gcnuasach gearrscéalta, Dubliners 100, arna chur in eagar ag Thomas Morris. Tugadh tacaíocht do Tramp Press faoi Scéim na bhFoilseachán/Teideal ar Theideal chun an teideal sin a chur i gcló. Bronnadh Sparánacht Litríochta ar Thomas Morris dá chuid scríbhneoireachta féin in 2012 agus arís in 2014. Eisean atá ina eagarthóir ar The Stinging Fly san am i láthair.

 

Bronnadh Gradam Saoil Bob Hughes 2014 ar Paul Durcan. Tá an-áthas ar an gComhairle Ealaíon gur tugadh an t-aitheantas sin don fhile faoi leith sin. Bhíodh Paul mar Ollamh Filíochta na hÉireann agus is ball é d’Aosdána.

 

Ar deireadh, déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Colin Barrett as Duais an Chéad Leabhair de chuid The Guardian a ghnóthú dá chnuasach, Young Skins. Bhronn an Chomhairle Ealaíon trí sparánacht ar Colin – in 2010, in 2011 agus in 2013. Léigh a agallamh leis an gComhairle Ealaíon i dtaobh a thábhachtaí is atá sparánacht. Stinging Fly Press a d’fhoilsigh Young Skins a chéaduair, mar aon le cúnamh ón gComhairle Ealaíon. 

Newsletter Marketing Powered by Newsweaver